2 Ríthe 8:25-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. Sa dara bliain déag de réimeas Iórám mac Acháb rí Iosrael tháinig Achaizíá mac Iahórám i gcoróin ar Iúdá.

26. Bhí Achaizíá dhá bhliain agus fiche nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé bliain i réim in Iarúsailéim. Atailiá, iníon Omraí rí Iosrael, ab ainm dá bhean.

27. Lean seisean chomh maith sampla theaghlach Acháb agus rinne an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, faoi mar a rinne teaghlach Acháb, lena raibh sé i gcleamhnas.

28. Ghabh sé amach le Iórám mac Acháb le cogadh a chur ar Hazáéil rí Arám i Rámot Gileád, ach ghoin na hArámaigh Iórám.

29. D'fhill Iórám rí ar Izréil le téarnamh ó na créachtaí a fuair sé i Rámá agus é ag troid in aghaidh Hazáéil rí Arám. Ghabh Achaizíá mac Iahórám rí Iúdá síos go Izréil ar thuairisc Iórám mac Acháb mar go raibh sé breoite.

2 Ríthe 8