1. Seo mar a bhí ráite ag Eilíseá leis an mbean a ndearna sé a mac a ardú ó mhairbh: “Éirigh, agus imigh leat ar an gcoigrích, tú féin agus do líon tí, mar tá gorta glaoite ag an Tiarna - tá sé ag teacht ar an tír cheana féin - ar feadh seacht mbliana.”
2. D'éirigh an bhean agus rinne mar a dúirt an giolla Dé léi: d'imigh sí lena líon tí agus chuir fúithi ar feadh seacht mbliana i dtír na bhFilistíneach.
3. Nuair a bhí na seacht mbliana caite d'fhill an bhean ó thír na bhFilistíneach agus chuaigh lena héileamh faoina teach agus faoina talamh a chur faoi bhráid an rí.
4. Bhí an rí ag caint le Géichizí, searbhónta an ghiolla Dé, á rá: “Inis dom na héachtaí go léir a rinne Eilíseá.”
5. Agus fad a bhí sé ag insint don rí conas mar a d'ardaigh Eilíseá an leanbh ó mhairbh, siúd í an bhean ar ardaigh Eilíseá a mac ón mbas agus í ag cur a héilimh faoina teach agus faoina talamh faoi bhráid an rí. “A thiarna mo rí,” arsa Eilíseá, “sin í an bhean cheannann chéanna, agus sin é a mac a d'ardaigh Eilíseá ó mhairbh.”
6. Cheistigh an rí an bhean agus d'inis sí an scéal dó. Ansin chuir an rí duine dá mhaoir ina feighil agus thug an treoir seo dó: “Féach chuige go bhfaighidh sí a maoin go léir ar ais, agus an teacht isteach go léir óna cuid talún ón lá a d'fhág sí an tír go dtí anois.”
7. Tháinig Eilíseá go dtí an Damaisc agus bhí Bein Hadad rí Arám tinn. Dúradh leis: “Tá an giolla Dé tagtha anseo.”
8. Dúirt an rí ansin le Hazáéil: “Beir bronntanas leat agus téigh faoi choinne an ghiolla Dé, agus téigh i gcomhairle leis an Tiarna tríd a fhiafraí an dtéarnóidh mé ón tinneas seo.”
9. D'imigh Hazáéil faoi choinne Eilíseá agus togha mhaoin na Damaisce aige leis mar bhronntanas - ualach daichead camall. Tháinig sé agus sheas sé os a chomhair agus dúirt: “Chuir do mhac Bein Hadad rí Arám mise chugat á fhiafraí díot: ‘An dtéarnóidh mé ón tinneas seo?’ ”