7. D'éalaíodar leo dá bhrí sin le titim na hoíche agus theitheadar agus d'fhágadar ansin a mbothanna, a gcapaill, agus a n‑asail; d'fhágadar an longfort díreach mar a bhí sé agus theitheadar lena n‑anam.
8. Nuair a tháinig na lobhair úd go himeall an champa, chuadar isteach i mboth agus chaitheadar bia agus deoch agus thugadar airgead agus ór agus éidí leo as, agus d'imíodar leo agus chuireadar i bhfolach iad. Ansin d'fhilleadar agus isteach leo i mboth eile agus chreachadar é agus d'imíodar agus chuireadar an chreach i bhfolach.
9. Ansin dúradar le chéile: “Níl sé ceart againn! Seo lá dea-scéil agus seo sinn gan focal asainn! Má fhanaimid go maidin, is cinnte go ndéanfar díoltas orainn; téanam dá bhrí sin; téimis agus tugaimis an dea-scéala go pálás an rí.”
10. D'imíodar leo ansin agus ghlaoigh siad ar ghardaí gheataí na cathrach agus dúirt leo: “Chuamar go longfort na nArámach. Ní raibh duine beo le feiceáil ná le cloisteáil ann, ach na capaill ceangailte, agus na hasail ceangailte, agus na bothanna fágtha mar a bhíodar.”