2 Ríthe 4:29-44 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. “Cuir do chrios thar do choim,” ar sé ansin le Géichizí, “agus tóg mo bhata i do láimh, agus imigh. Má bhuaileann tú le haon duine, ná beannaigh dó; agus má bheannaíonn aon duine duit, ná tabhair freagra air; agus leag mo bhata ar aghaidh an linbh.”

30. Ansin dúirt máthair an linbh: “Dar an Tiarna beo agus dar do bheo féin, ní imeoidh mé uait.” Agus d'éirigh sé dá bhrí sin agus lean í.

31. Ghabh Géichizí ar aghaidh rompu agus leag an bata ar aghaidh an linbh, ach ní raibh glór as ná rian den dé ann. Chuaigh sé ar ais mar sin go hEilíseá, agus dúirt leis: “Níor mhúscail an leanbh.”

32. Nuair a tháinig Eilíseá isteach, fuair sé an leanbh ina luí marbh ar a leaba.

33. Ar dhul isteach dó, dhún sé an doras, gan ach an bheirt acu istigh, agus ghuigh sé chun an Tiarna.

34. Ansin chuaigh sé suas ar an leaba agus shín é fein ar an leanbh béal le béal, súile le súile, lámha le lámha. Le linn dó a bheith sínte air, tháinig teas i gcorp an linbh.

35. Ansin d'éirigh sé agus shiúil anonn agus anall sa teach; chuaigh sé suas ar an leaba athuair agus shín é féin ar an leanbh [seacht n‑uaire]. Ansin lig an leanbh sraoth as agus d'oscail sé a shúile.

36. Chuir sé fios ar Géichizí ansin: “Glaoigh ar an Siúnaemach seo againn,” ar sé leis agus ghlaoigh sé uirthi. Nuair a tháinig sí chuige sé a dúirt sé: “Tóg suas do mhac.”

37. Chuaigh sí isteach agus chaith í féin ag a chosa ag umhlú síos go talamh dó. Ansin thóg sí suas a mac agus d'imigh amach.

38. Tháinig Eilíseá go Gilgeál agus gorta sa tír. Bhí bráithreachas na bhfáithe ina suí os a chomhair agus dúirt sé lena shearbhónta: “Cuir síos an coire mór agus beirigh praiseach do bhráithreachas na bhfáithe.”

39. Ghabh duine díobhsan amach faoi na bánta ag bailiú luibheanna, agus tharla fíniúin fhiáin air agus phrioc sé lán a ultaigh de chaora fiáine di. Ansin tháinig sé agus ghearr sé go mion isteach sa choire praisí iad gan a fhios aige cad iad.

40. Ansin scaoileadar an phraiseach amach do na fir le hithe, ach a luaithe a bhlaiseadar í, liúdar: “A ghiolla Dé, tá an bás sa choire,” agus níorbh fhéidir leo é a ithe.

41. “Tugaigí min dom más ea,” arsa Eilíseá. Agus chaith sé sa choire í, agus dúirt: “Scaoiligí amach chucu seo í, agus ithidís í.” Agus ní raibh aon nimh sa choire.

42. Tháinig fear ó Bhál Seáiliseá agus thug leis chun giolla Dé arán a rinneadh de na céadtorthaí, fiche builín eorna agus arbhar úr [sa dias]. “Tabhair don phobal é le hithe,” arsa Eilíseá.

43. D'fhreagair a sheirbhíseach: “Conas is féidir liom é seo a roinnt ar chéad duine?” “Tabhair don phobal é le hithe,” ar seisean go daingean, “óir seo mar a deir an Tiarna: ‘Íosfaidh siad agus beidh fuíoll fágtha acu.’ ”

44. Roinn sé orthu é. D'ith siad agus bhí fuíoll fágtha acu, mar a dúirt an Tiarna.

2 Ríthe 4