2 Ríthe 4:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Rinne bean duine de bhráithreachas na bhfáithe achainí chun Eilíseá. “Tá do shearbhónta, m'fhear céile, marbh,” ar sí, “agus tá a fhios agat cad é mar urraim a bhí ag do shearbhónta don Tiarna. Tá fear na bhfiach tagtha chun mo bheirt leanbh a bhreith leis le bheith ina ndaoráin aige.”

2. Dúirt Eilíseá léi: “Céard a dhéanfaidh mé duit? Céard atá sa teach agat, inis dom?” “Níl sa teach ag do shearbhónta ach crúiscín ola,” d'fhreagair sí.

3. Ansin dúirt sé léi: “Téigh amach agus faigh iasacht crúscaí ó do chomharsana, crúscaí folmha, agus go leor díobh.

4. Nuair a thiocfaidh tú ar ais, dún an doras ort féin agus ar do chlann mhac, agus doirt an ola isteach sna crúscaí seo go léir agus cuir gach ceann i leataobh de réir mar a bheidh sé lán.”

5. D'imigh sí léi ansin agus dhún an doras uirthi féin agus ar a clann mhac; agus shíneadar na crúscaí chuici agus lean sí uirthi ag doirteadh na hola iontu.

6. Nuair a bhí na crúscaí lán, dúirt sí lena mac: “Sín chugam crúsca eile.” “Níl ceann eile ann,” ar sé léi. Ansin stad an ola.

7. D'imigh sí léi ansin agus dúirt sí sin leis an ngiolla Dé agús d'fhreagair sé:“Imigh agus díol an ola agus díol d'fhiacha agus féadfaidh tú féin agus do chlann maireachtáil ar an bhfuílleach.”

8. Lá dá raibh Eilíseá ar a bhealach go Siúnaem, chuir bean uasal a bhí ina cónaí ann tathant air fanacht agus tráth bia a bheith aige ann. As sin amach dhéanadh sé moill i gcónaí le haghaidh béile nuair a thagadh sé an bealach sin.

9. Dúirt sí lena fear céile: “Féach, táim cinnte gur fear naofa le Dia an fear seo a bhíonn ag síorthaisteal an bealach seo againne.

10. Tógaimis seomra beag ar an díon dó agus cuirimis leaba ann faoina choinne agus bord agus cathaoir agus lampa; uair ar bith dá dtagann sé chugainn, is féidir leis a scíste a dhéanamh ann.”

11. Lá dá dtáinig sé, isteach leis sa seomra in airde agus chuaigh sé a luí.

12. Dúirt sé le Géichizí a shearbhónta: “Glaoigh ar an Siúnaemach seo againn.” Ghlaoigh sé uirthi agus tháinig sí agus sheas os a chomhair.

13. Dúirt Eilíseá: “Abair é seo léi: ‘Féach, rinne tú an cúram seo go léir dínne, cad is féidir dúinn a dhéanamh duit? An bhfuil aon ní ar mhaith leat a déarfaí ar do shon leis an rí nó le ceann feadhna an airm?’ ” Ach d'fhreagair sí: “I measc mo mhuintire féin a mhairimse.”

14. “Cad is féidir a dhéanamh ar a son seo, más ea?” a d'fhiafraigh sé. D'freagair Géichizí: “Leoga, níl mac ar bith aici, agus tá a fear céile aosta.”

15. Dúirt Eilíseá: “Cuir fios uirthi.” Ghlaoigh an searbhónta uirthi agus sheas sí ag an doras.

16. “Bliain ón am seo,” ar seisean, “beidh mac i do bhaclainn agat.” “Cuir uait, a thiarna, a ghiolla Dé; ná hinis bréag do d'ionailt.”

2 Ríthe 4