14. D'fhreagair Eilíseá: “Dar Tiarna beo na Slua, an té dá bhfónaim, mura mbeadh go bhfuil urraim agam do Iahóiseáfát, rí Iúdá, ní thabharfainn aon aird ort ná fiú féachaint i do threo.
15. Anois tabhair chugam ceoltóir.” Agus a luaithe a sheinn an ceoltóir, luigh lámh an Tiarna air,
16. agus dúirt sé: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé díog ar dhíog den chom seo,’
17. mar deir an Tiarna: ‘Ní fheicfidh sibh gaoth ná baisteach, ach líonfar an com seo d'uisce, agus ólfaidh sibh féin agus bhur saighdiúirí agus bhur mbeithígh iompair deoch as.”
18. Ach ní mór an ní is fiú an méid sin i súile an Tiarna, mar cuirfidh sé Móáb féin faoi bhur smacht.
19. Gabhfaidh sibh gach cathair dhaingean (agus gach cathair thofa) de ruathar, leagfaidh sibh gach crann folláin, dúnfaidh sibh gach tobar fíoruisce, agus scriosfaidh sibh gach gort maith le clocha.”
20. Maidin lá arna mhárach ag tráth íobartha na habhlainne, tháinig uisce ina dtreo ó Eadóm, agus líonadh an dúiche d'uisce.
21. Nuair a chuala Móáb go léir go raibh na ríthe tagtha aníos ag cur catha orthu, cuireadh tionól ar gach duine a bhí in ann arm a iompar idir óg is aosta, agus cuireadh in eagar catha iad ar an teorainn.
22. Ar maidin, nuair a d'éiríodar, bhí an ghrian ag taitneamh ar an uisce, agus thaibhsigh an t‑uisce dearg mar fhuil uathu do na Móábaigh.
23. “Fuil é seo,” ar siad, “ní foláir nó gur throid na ríthe eatarthu féin agus gur mharaíodar a chéile. Ar aghaidh chun na creiche, a Mhóáb, más ea!”
24. Ach nuair a shroich siad longfort Iosrael, d'éirigh na hIosraelaigh ina gcoinne agus thug siad fogha faoi na Móábaigh agus theith siadsan rompu, agus (ag dul ar aghaidh dóibh) rinneadar ár agus eirleach ar na Móábaigh.
25. Scartáil siad na cathracha agus chaith gach fear cloch isteach i ngach gort fónta á líonadh, agus dhúnadar gach tobar fíoruisce agus leagadar gach crann folláin. Chreachadar Móáb go dtí nach raibh fágtha i gCír Harasat ach na clocha agus rinne an lucht diúraicthe é a thimpeallú agus a ghabháil.
26. Nuair a chonaic rí Mhóáb go raibh an cath á bhriseadh air, bhailigh sé seacht gcéad de lucht iompair claímh féachaint an bhféadfadh sé a bhealach a dhéanamh amach agus dul go rí [Arám], ach theip air.
27. Ansin thóg sé an mac ba shine aige, a rídhamhna, agus d'ofráil é mar íobairt ar bhalla na cathrach. Bhuail taom tréan feirge iad in aghaidh Iosrael agus chúlaigh siadsan uaidh, agus d'fhill siad ar a dtír féin.