6. Ansin chuaigh Iahóiácaím chun suain lena shinsir agus tháinig Iahóiácaín i gcomharbacht air.
7. Níor fhág rí na hÉigipte a thír féin arís mar bhí gach dúiche a bhain le rí na hÉigipte ó ghleann na hÉigipte go habhainn an Eofrataes gafa ag rí na Bablóine.
8. Bhí Iahóiácaín ocht mbliana déag d'aois ag teacht i gcoróin dó, agus bhí sé trí mhí ina rí in Iarúsailéim. Nachuisteá, iníon Ealnátán ó Iarúsailéim, ab ainm dá mháthair.
9. Rinne sé an t olc i bhfianaise an Tiarna díreach mar a rinne a athair roimhe.
10. San am sin mháirseáil sluaite Nabúcadnazar rí na Bablóine in aghaidh Iarúsailéim agus rinne siad an chathair a thimpeallú.
11. Tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine é féin chun an chathair a ionsaí fad a bhí sí faoi léigear ag a mhuintir.
12. Ansin ghéill Iahóiácaín rí Iúdá do rí na Bablóine, é féin, a mháthair, a oifigigh, a uaisle agus a choillteáin, agus chuir rí na Bablóine i mbraighdeanas iad. Ba é sin an t‑ochtú bliain de réimeas Nabúcadnazar.
13. Rug seisean leis a raibh de shaibhreas i dTeampall an Tiarna agus de mhaoin i bpálás an rí. Bhris sé ina smionagar an trealamh óir a rinne Solamh rí Iosrael i gcomhair shanctóir an Tiarna. Is mar sin a comhlíonadh briathar an Tiarna.
14. Thug sé Iarúsailéim ar fad leis ar deoraíocht; na huachtaráin uile agus na laochra gaile uile, deich míle cime, mar aon leis na gaibhne agus leis na ceardaithe go léir; níor fágadh ina ndiaidh ach bochtáin na tíre.