18. “Ligigí dó,” arsa an rí, “agus ná cuireadh aon duine isteach ar a chnámha.” Níor chuir siad isteach ar a chnámha ach iad a fhágáil ansiúd mar aon le cnámha an fháidh ón tSamáir.
19. Scrios Ióisíá chomh maith scrínte na n‑ardionad a bhí i gcathracha na Samáire a thóg ríthe Iosrael, agus lenar ghriog siad an Tiarna chun feirge; thug sé an íde chéanna orthusan agus a thug sé ar an gceann i mBéitéil.
20. Chuir sé chun báis ar na haltóirí sagairt uile na n‑ardionad a bhí ansiúd, agus loisc sé cnámha daoine orthu. Ansin d'fhill sé go Iarúsailéim.
21. Thug an rí an t‑ordú seo don phobal go léir: “Ceiliúraigí Cáisc in onóir an Tiarna bhur nDia, mar atá scríofa i leabhar an chonartha.”
22. Níor ceiliúradh a leithéid de Cháisc ó laethanta na mbreithiúna a bhí ag rialú Iosrael, ná le linn réimeas na ríthe go léir a bhí ar Iosrael ná ar Iúdá.