15. mar rinne siad an t‑olc i m'fhianaise agus d'adhain siad m'fhearg ón lá a tháinig a sinsir amach as an Éigipt go dtí inniu féin.’ ”
16. Dhoirt Manaise an oiread sin d'fhuil neamhchiontach gur líon sé Iarúsailéim ó cheann ceann, gan trácht ar na peacaí inar sheol sé Iúdá i dtreo go ndearnadar an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.
17. An chuid eile de stair Mhanaise, a imeachtaí go léir, na coireanna a rinne sé, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?
18. Ansin chuaigh Manaise chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é i ngairdín a pháláis, gairdín Uzá; agus tháinig a mhac Ámón i gcomharbacht air.
19. Bhí Ámón dhá bhliain agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé dhá bhliain i réim in Iarúsailéim. Misilimit, iníon Hárúz ó Iotbá, ab ainm dá mháthair.
20. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne Manaise a athair.
21. Rinne sé aithris ar a athair i ngach slí, agus é ag fónamh do na híola dar fhóin a athair, agus ag adhradh dóibh.
22. Thréig sé an Tiarna, Dia a shinsear, agus níor lean sé bealach an Tiarna.