5. Nuair a tháinig searbhóntaí an rí Hiziciá go Íseáia,
6. d'fhreagair seisean: “Abraigí le bhur máistir: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Ná bíodh eagla oraibh roimh na briathra a chuala sibh ná roimh na maslaí a chaith seirbhísigh rí na hAsaíre liom.
7. Táim ar tí spiorad a chur ann agus cluinfidh sé ráfla agus fillfidh sé ar a thír féin, agus fágfaidh mé ar lár leis an gclaíomh é sa tír sin.’ ”
8. D'fhill an príomhchornaire agus fuair rí na hAsaíre ag troid in aghaidh Libneá mar bhí sé cloiste aige gur fhág an rí Láicís.
9. Fuair an rí scéala faoi Thiorhácá rí Chúis: “Tá sé chugat chun cath a chur ort.”Chuir Sanaichéiríb teachtairí ag triall ar Hiziciá a rá:
10. “Abraigí an méid seo le Hiziciá rí Iúdá: ‘An Dia ar a bhfuil tú ag brath, ná mealladh sé thú á rá: Ní thiocfaidh Iarúsailéim faoi smacht rí na hAsaíre.
11. Tá a fhios agat faoi seo cad a rinne ríthe na hAsaíre le gach tír á gcur faoin mbang? An dóigh, mar sin, go dtiocfaidh tusa slán?
12. Gózán, Hárán, Reizif, muintir Eidin a bhí i dTeil Asár - ar fuasclaíodh iadsan ag na déithe a bhí ag na ciníocha sin a scrios mo shinsir?
13. Cá bhfuil rí Hamát, agus rí Arpád, agus rí chathair Shafarvaím, agus rí Haena, agus Íveá?’ ”