4. Eisean a scrios na hardionaid agus a bhris na colúin, agus a ghearr anuas na cuaillí naofa, agus a rinne smidiríní den nathair chré-umha a rinne Maois mar go dtí sin bhí túis á dó di ag clann Iosrael. Nahuisteán a thugtaí uirthi.
5. As an Tiarna Dia Iosrael a bhí a mhuinín aige, i dtreo nach raibh aon duine mar é i measc ríthe Iúdá go léir ina dhiaidh, ná i measc ar ghabh roimhe.
6. Chloígh sé go dílis leis an Tiarna, gan casadh uaidh choíche, ach ag coimeád na n‑aitheanta a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
7. Bhí an Tiarna ina theannta agus bhí an rath air cibé áit ar a raibh a thriall. D'éirigh sé amach in aghaidh rí na hAsaíre agus d'eitigh fónamh dó.
8. Eisean a luigh ar na Filistínigh síos go Gazá agus bhánaigh a gcríocha ó thúr faire go cathair dhaingean.
9. Sa cheathrú bliain de réimeas Hiziciá - ba í sin an seachtú bliain de réimeas Hóiséa mac Éalá rí Iosrael - tháinig Sealmaineisir rí na hAsaíre suas in aghaidh na Samáire agus chuir léigear uirthi.