3. Lean sé sampla ríthe Iosrael agus thug ar a mhac féin fiú gabháil trí thine de réir mar a chleachtaí go náireach ag na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.
4. D'ofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid, ar na cnoic agus faoi gach crann craobhach.
5. Ansin is ea a thánig Reizín rí Arám agus Peacach mac Ramailiá rí Iosrael chun Iarúsailéim a ionsaí. Chuireadar léigear [air] ach níorbh fhéidir dóibh é a ghabháil.
6. (San am sin, ghabh rí [Eadóm] Éalat ar ais d'Eadóm; thiomáin sé fir Iúdá ó Éalat agus ghabh na hEadómaigh seilbh air agus tá siad ag cur fúthu ann go dtí an lá inniu.)
7. Ansin sheol Áchaz teachtairí go Tigleat Pileisir rí na hAsaíre á rá: “Mise do shearbhónta agus do mhac. Tar agus fuascail mé ó rí Arám agus ó rí Iosrael atá ag cur catha orm.”
8. Thóg Áchaz a raibh d'airgead agus d'ór le fáil i dTeampall an Tiarna agus i gciste phálás an rí agus chuir é mar bhronntanas go rí na hAsaíre.
9. Thug rí na hAsaíre cluas dó agus ghluais in aghaidh na Damaisce agus ghabh í. Dhíbir sé muntir na cathrach go Cír agus chuir Reizín chun báis.