2 Ríthe 16:11-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Agus thóg Úiriá sagart an altóir, agus rinne sé í go beacht de réir na dtreoracha go léir a chuir Áchaz rí ón Damaisc sular tháinig Áchaz rí ar ais ón Damaisc.

12. Nuair a d'fhill an rí ón Damaisc, d'iniúch sé í, dhruid léi agus ghabh in airde uirthi.

13. Dhóigh sí a íobairt dhóite agus a abhlann; dhoirt sé a ofráil dí, agus chroith fuil a ofráil chomaoineach ar an altóir.

2 Ríthe 16