1. Sa seachtú bliain déag de réimeas Pheacach mac Ramailiá thánig Áchaz mac Iótám i gcoróin ar Iúdá.
2. Bhí Áchaz fiche bliain d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus mhair a réimeas ar feadh sé bliana déag i Iarúsailéim. Ní dhearna sé an ceart i bhfianaise an Tiarna a Dhia dála Dháiví a athair.
3. Lean sé sampla ríthe Iosrael agus thug ar a mhac féin fiú gabháil trí thine de réir mar a chleachtaí go náireach ag na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.
4. D'ofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid, ar na cnoic agus faoi gach crann craobhach.