6. An chuid eile de stair Azairiá, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sé go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?
7. Ansin chuaigh Azairiá chun suain lena shinsir agus chuireadar é i nDúnfort Dháiví, agus tháinig a mhac Iótám i gcomharbacht air.
8. San ochtú bliain déag ar fhichid de réimeas Azairiá rí Iúdá thanig Zacairiá mac Iarobám i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir ar feadh sé mhí.
9. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne a shinsir. Níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael.
10. Rinne Sealúm mac Iáibéis comhcheilg ina aghaidh agus chuir chun báis é ag Ibleám, agus thanig i gcoróin ina dhiaidh.
11. An chuid eile de stair Zacairiá, tá sé scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael.
12. Tharla sin de réir mar a gheáll an Tiarna do Iéahú: “Beidh do chlann mhac ina suí i ríchathaoir Iosrael go dtí an ceathrú glúin.” Agus is mar sin a bhí.
13. Thánig Sealúm mac Iáibéis i gcoróin sa naoú bliain tríochad de réimeas Uizíá rí Iúdá agus bhí sé mí i gcoróin sa tSamáir.
14. Ansin ghabh Manachaem mac Gháidí suas ó Thirzeá, chuaigh isteach sa tSamáir, mharaigh Sealúm mac Iáibéis inti, agus tháinig i gcoróin ina áit.
15. An chuid eile de stair Shealúm, an chomhcheilg a rinne sé, tá sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael.
16. Is ag an am seo a chreach Manachaem Tapsach, a chuir sé gach duine ann chun báis, agus a chreach sé a dhúiche go léir óThirzeá ar aghaidh de bhrí nár oscail sé a gheataí dó; chreach sé an chathair agus rop sé claíomh i mbroinn gach mná a bhí ag iompar.
17. Sa naoú bliain tríochad de réimeas Azairiá rí Iúdá tháinig Manachaem mac Gháidí i gcoróin ar Iosrael. Bhí sé deich mbliana i réim sa tSamáir.
18. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael. [Lena linn]
19. rinne Púl rí na hAsaíre ionradh ar an tír; thug Manachaem míle tallann airgid do Phúl d'fhonn go gcabhródh sé leis ag neartú lena ghreim ar an údarás ríoga.
20. Rinne Manachaem an t‑airgead sin a thobhach ar Iosrael, ar gach flaith, leathchéad seicil an duine, le tabhairt do rí na hAsaíre. D'imigh seisean ar ais ansin agus níor fhan sa tír.
21. An chuid eile de stair Mhanachaem, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
22. Ansin chuaigh Manachaem chun suain lena shinsir. Tháinig Pacaichiá i gcomharbacht air.
23. Sa chaogadú bliain de réimeas Azairiá rí Iúdá tháinig Pacaichiá mac Mhanachaem i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé dhá bhliain i réim.
24. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna; níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael.
25. Rinne Peacach mac Ramailiá, a cheann feadhna, comhcheilg ina aghaidh agus threascair é sa tSamáir, i ndúnfort an pháláis (Argob agus Airié). Bhí leathchéad d'fhir Ghileád lena chois; mharaigh sé an rí agus tháinig i gcomharbacht air.