2 Ríthe 12:9-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. D'aontaigh na sagairt dá bhrí sin gan a thuilleadh airgid a thógáil ó na daoine, agus nach iad a thuilleadh a chaithfeadh an Teampall a dheisiú.

10. Ansin fuair Iahóideá an sagart cófra, chuir poll ina chlab agus chuir é le taobh [án cholúin] ar dheis ar an tslí isteach i dTeampall an Tiarna; chuireadh na sagairt a bhí i bhfeighil an dorais an t‑airgead go léir a thugtaí go dtí Teampall an Tiarna isteach ann.

11. Nuair a d'fheicidís go raibh a lán airgid sa chófra, thagadh rúnaí an rí agus an t‑ardsagart agus dhéanaidís an t‑airgead i dTeampall an Tiarna a leá agus a thomhas.

12. Nuair a bhíodh sé tomhaiste thugaidís an t‑airgead do na saoistí a bhí i bhfeighil obair Theampall an Tiarna, agus chaithidís é ar na siúinéirí agus ar na tógálaithe a bhíodh ag obair ar Theampall an Tiarna,

13. ar na saoir agus ar na gearrthóirí cloch; chaithidís chomh maith é ag ceannach adhmaid agus cloch gearrtha chun Teampall an Tiarna a dheisiú, agus ag díol as costais deisiú an Teampaill go léir.

14. Ní dhearnadh báisíní airgid, ná smóladáin, ná miasa, ná trumpaí, ná soithí óir ná airgid, as an airgead a toirbhríodh do Theampall an Tiarna,

15. mar tugadh é go léir do na fir oibre agus bhaineadarsan feidhm as ag deisiú Teampall an Tiarna.

16. Níor éilíodh cuntas ón muintir dár tugadh an t‑airgead le caitheamh ar na fir oibre mar go rabhadar ionraic i mbun a ngnó.

2 Ríthe 12