6. “Tháinig fear inár gcoinne,” ar siad leis, “agus dúirt sé linn: ‘Téigí ar ais chun an rí a sheol uaidh sibh, agus abraigí leis: Mar seo a deir an Tiarna: An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil tú ag seoladh teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón. Ar an ábhar seo, an leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ”
7. “An té seo a bhuail libh agus a dúirt an méid sin,” ar sé leo, “cén sórt duine é?”
8. “Bhí fallaing róin á caitheamh aige, agus crios leathair ar a choim,” ar siad leis. “Ba é sin Éilias an Tisbíoch,” ar sé.
9. Ansin chuir an rí ceannaire caogad lena chaoga fear chuige. Ghabh an ceannaire suas go hÉilias a bhí ina shuí ar mhullach cnoic, agus dúirt sé leis: “A ghiolla Dé, deir an rí ‘Tar anuas.’ ”
10. D'fhreagair Éilias an ceannaire caogad: “Más giolla le Dia mé, go dtaga tine anuas ó neamh agus go scriosa sé thú féin agus do chaoga fear.” Ansin tháinig tine ó neamh agus scrios sé é féin agus a chaoga.
11. Chuir an rí ceannaire eile caogad lena chaoga fear chuige, agus ghabh seisean suas chomh maith agus dúirt leis: “A ghiolla Dé, seo é ordú an rí: ‘Tar anuas gan mhoill.’ ”
12. D'fhreagair Éilias iad: “Más giolla le Dia mé, go dtaga tine anuas ó neamh agus go scriosa sé thú féin agus do chaoga fear “Agus tháinig tine Dé anuas ó neamh agus scrios sé é féin agus a chaoga.
13. Ansin chuir an rí an tríú ceannaire caogad lena chaoga. Agus ghabh an tríú ceannaire caogad suas agus chaith é féin ar a ghlúine os comhair Éilias agus d'impigh air á rá: “A ghiolla Dé, go raibh luach éigin i do shúilese ar m'anamsa agus ar anam an chaoga searbhónta seo.
14. Tháinig tine anuas ó neamh agus scrios sí an bheirt cheannaire caogad eile lena gcaogaidí; ach bíodh luach éigin ar m'anamsa i do shúile.”
15. Ansin dúirt aingeal an Tiarna le hÉilias: “Téigh síos leis, ná bíodh eagla ort roimhe.” D'éirigh sé dá bhrí sin agus ghabh síos go dtí an rí ina theannta,
16. agus dúirt sé leis: “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Dé bhrí gur chuir tú teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón - (an ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael le dul i gcomhairle lena bhriathar?) - uime sin an leaba a ndeachaigh tú a luí inti, ní fhágfaidh tú í, ach gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ”
17. Agus fuair sé bás de réir bhriathar an Tiarna a labhair Éilias. De bhrí nach raibh aon mhac aige, tháinig Iahórám, [a dheartháir,] i gcoróin ina dhiaidh, sa dara bliain de réimeas Iahórám mac Iahóiseáfát rí Iúdá.
18. An chuid eile de stair Achaizíá, a imeachtaí, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?