2 Ríthe 1:5-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. D'fhill na teachtairí ar an rí, agus dúirt sé leo: “Cén fáth ar tháinig sibh ar ais?”

6. “Tháinig fear inár gcoinne,” ar siad leis, “agus dúirt sé linn: ‘Téigí ar ais chun an rí a sheol uaidh sibh, agus abraigí leis: Mar seo a deir an Tiarna: An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil tú ag seoladh teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón. Ar an ábhar seo, an leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ”

7. “An té seo a bhuail libh agus a dúirt an méid sin,” ar sé leo, “cén sórt duine é?”

8. “Bhí fallaing róin á caitheamh aige, agus crios leathair ar a choim,” ar siad leis. “Ba é sin Éilias an Tisbíoch,” ar sé.

9. Ansin chuir an rí ceannaire caogad lena chaoga fear chuige. Ghabh an ceannaire suas go hÉilias a bhí ina shuí ar mhullach cnoic, agus dúirt sé leis: “A ghiolla Dé, deir an rí ‘Tar anuas.’ ”

10. D'fhreagair Éilias an ceannaire caogad: “Más giolla le Dia mé, go dtaga tine anuas ó neamh agus go scriosa sé thú féin agus do chaoga fear.” Ansin tháinig tine ó neamh agus scrios sé é féin agus a chaoga.

11. Chuir an rí ceannaire eile caogad lena chaoga fear chuige, agus ghabh seisean suas chomh maith agus dúirt leis: “A ghiolla Dé, seo é ordú an rí: ‘Tar anuas gan mhoill.’ ”

12. D'fhreagair Éilias iad: “Más giolla le Dia mé, go dtaga tine anuas ó neamh agus go scriosa sé thú féin agus do chaoga fear “Agus tháinig tine Dé anuas ó neamh agus scrios sé é féin agus a chaoga.

2 Ríthe 1