2 Peadar 3:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sí seo an dara litir a scríobh mé chugaibh, a chairde cléibh, agus iontu araon tá aigne íon á múscailt agam ionaibh le rabhadh

2. go mbeadh cuimhne agaibh ar na ráitis a thug na fáithe beannaithe roimhe seo, agus ar aithne an Tiarna agus an tSlánaitheora a tugadh trí bhur n‑aspail.

3. Bíodh seo ar eolas agaibh ar dtús, go dtiocfaidh scigirí ag scigireacht sna laethanta deireanacha agus iad ag déanamh de réir a n‑ainmhianta féin,

4. agus á rá: “Cá bhfuil gealltanas a theachta? Mar ón am a ndeachaigh na hAithreacha chun suain maireann gach ní díreach mar a bhí siad ó thús na cruthaíochta.”

5. Déanann siad dearmad d'aon ghnó de seo, go raibh na spéartha ann anallód, agus gur cumadh an domhan as an uisce agus tríd an uisce le briathar Dé;

6. agus tríothu gur scriosadh an domhan mar a bhí, óir bádh é le huisce.

7. Na spéartha agus an domhan atá anois ann, tá siad á gcaomhnú don tine, tríd an mbriathar céanna, agus á gcumhdach i gcomhair lá breithiúnais agus scriosta na n‑éagráifeach.

8. Ach ná déanaigí dearmad den phointe seo, a chairde cléibh, gur cuma aon lá amháin leis an Tiarna nó míle bliain, agus míle bliain nó aon lá amháin.

2 Peadar 3