4. Murar lig Dia leis na haingil nuair a pheacaigh siad, ach iad a chartadh síos go hifreann agus a thabhairt suas do na pluaiseanna gruama laistíos le coinneáil go lá an bhrátha;
5. murar lig sé leis an domhan fadó ach gur chumhdaigh sé Naoi, callaire na fíréantachta, mar aon le seachtar eile, nuair a scaoil sé díle ar dhomhan na n‑éagráifeach;
6. má rinne sé luaithreach de chathracha Shodom agus Ghomorá agus iad a dhaoradh chun a scriosta mar shampla don mhuintir a bheadh ar tí a bheith éagráifeach;
7. agus má fhuascail sé Lót fíréanta a bhí á chlipeadh go mór ag iompar drabhlásach na gcoirpeach
8. óir a raibh á chloisteáil agus á fheiceáil ag an bhfíréan sin agus é ag maireachtáil ina measc ó lá go lá, rinne sé a chroí cóir a chiapadh de bharr na mbeart aindleathach
9. tá a fhios ag an Tiarna conas na fíréin a fhuascailt ó thriail ach na coirpigh a choinneáil á bpionósú go lá na breithe,
10. go háirithe iad siúd a dhéanann iad féin a iompar de réir na colainne in ainmhianta truaillithe, agus gan ach drochmheas acu ar an údarás.Ní eagal leis an dream ceanndána borb seo masla a thabhairt [d'aingil] na glóire;
11. ach na haingil, cé gur mó iad i neart agus i gcumhacht, ní thugann siad breith mhaslaitheach ina n‑aghaidh i láthair an Tiarna.
12. Ach is cuma iad seo nó ainmhithe éigiallta, dúile nádúrtha a shaolaítear don tseilg agus don bhás; tá siad drochmheastúil maidir le nithe nach dtuigeann siad agus scriosfar iad san aon scriosadh leo,
13. agus iompróidh siad urchóid mar luach saothair a n‑urchóide. Is geal leo an drabhlás sa lá; máchailí agus smáil iad ag ragarnaíl ina gcollaíocht agus ag carús libh.
14. Tá a súile lán d'adhaltranas, doshásta le peacaí; bíonn siad ag mealladh anamacha corrthónacha, agus a gcroí cleachtaithe ar an tsaint. Clann na mallachta!
15. Thréig siad an bealach díreach agus chuaigh siad ar seachrán; lean siad bealach Bhalám ó Bhosor, a bhí ceanúil ar bhrabús an oilc;
16. ach fuair sé ceartú de bharr a choirpeachta; labhair an t‑asal balbh le glór daonna agus choisc sé díth céille an fháidh.
17. Toibreacha gan uisce an dream seo agus scamaill á dtiomáint ag an ngála, agus tá ifreann duairc in áirithe dóibh.
18. Óir, le hainmhianta drabhlásacha collaí, bíonn siad ag mealladh na ndaoine d'éalaigh le déanaí ón muintir atá ag caitheamh a saoil ar seachrán, lena ngártha bladhmannacha baoise.
19. Geallann siad saoirse dóibh, ach is daoráin iad ag an scrios, mar cibé rud a fhaigheann an lámh uachtair ar dhuine is dó is daorán é.