2 Macabaech 9:2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Ghabh sé isteach sa chathair ar a dtugtar Peirsipoil agus rinne sé iarracht ar na teampaill a robáil agus smacht a fháil ar an gcathair. Uime sin ghabh na daoine a n‑airm chucu agus bhrostaigh i gcabhair i dtreo gur bhris na háitritheoirí ar Aintíochas agus gurbh éigean dó teitheadh leis faoi náire.

2 Macabaech 9

2 Macabaech 9:1-5