20. agus an t‑am úd sa Bhablóin nuair nach raibh le cath a chur ar na Galataigh ach ocht míle Giúdach agus ceithre mhíle Macadónach; nuair a bhí na Macadónaigh i gcúngrach scrios an t‑ocht mhíle céad agus a fiche míle tríd an gcabhair a fuair siad ó neamh, agus ghabh siad creach thar cuimse.
21. Thug sé misneach dóibh leis na focail sin i dtreo go raibh siad réidh le bás a fháil ar son a ndlíthe agus ar son a dtíre; ansin roinn sé a arm ina cheithre dhíorma,
22. agus chuir sé a dheartháireacha Síomón, Iósaef agus Iónátán i gceannas ar dhíorma an duine, cúig céad déag faoi gach fear díobh.
23. D'ordaigh sé d'[Eisdrias] freisin léamh os ard as an leabhar naofa, agus thug dóibh an focal faire: “Cabhair Dé.” Ansin chuaigh sé féin i gceannas ar an gcéad díorma agus chuir cath ar Niocánór.
24. Leis an Uilechumhachtach mar chomhghuaillí, mharaigh siad breis agus naoi míle dá naimhde agus rinneadar formhór arm Niocánór a ghoineadh nó a leonadh agus chuir siad an teitheadh orthu go léir.
25. Leag siad féin lámh ar airgead lucht a gceannaithe mar dhaoir. Chuaigh siad sa tóir orthu ar feadh tamaill fhada, ach ansin d'fhill siad cheal ama.
26. Ba í oíche na sabóide í agus dá bhrí sin níor lean siad sa tóir orthu.
27. Chruinnigh siad airm a naimhde, bhain a n‑éadáil díobh, agus ansin cheiliúir siad an tsabóid le moladh agus le buíochas don Tiarna a rinne iad a chaomhnú don lá sin agus a bhronn orthu é mar chéad bhlaiseadh a thrócaire.
28. Nuair a bhí an tsabóid thart, thug siad cuid den chreach don mhuintir a céasadh, agus do na baintreacha agus na dílleachtaí, agus roinn siad an chuid eile orthu féin agus ar a gclann.
29. Ar chur sin i gcrích dóibh, ghlac siad páirt in urnaí phoiblí á impí ar Thiarna na trócaire cairdeas iomlán a dhéanamh lena shearbhóntaí.