2 Macabaech 7:23-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Is é cruthaitheoir an domhain a leag amach conas a thiocfadh duine ar an saol; eisean a bheartaigh tús an uile ní; ina thrócaire tabharfaidh sé anam agus beatha ar ais daoibh, ó tharla gur beag libh sibh féin mar gheall ar a dhlíthe.”

24. Mheas Aintíochas go raibh sí ag fonóid faoi; bhí sé in amhras go raibh masla i dtuin a gutha. Ó tharla an deartháir ab óige a bheith beo fós, d'impigh sé air, ní amháin le briathra ach le gealltanais a mhionnaigh sé, á rá go ndéanfadh sé saibhir sona é dá dtréigfeadh sé nósanna a shinsear; dhéanfadh sé cara dó féin de agus bhronnfadh sé post poiblí air.

25. Níor thug an t‑ógfhear aird ar bith air, agus, dá bhrí sin, ghlaoigh an rí chuige ar a mháthair ansin agus d'iarr uirthi comhairle a thabhairt don ógánach é féin a fhuascailt.

26. Tar éis dó bheith á áiteamh uirthi ar feadh i bhfad, thoiligh sí comhairle a chur ar a mac.

27. Chrom sí anuas air agus bhuail sí bob ar an tíoránach dánartha leis na focail seo i dteanga a sinsear: “A mhic, bíodh trua agat dom; d'iompair mé naoi mí i mo bhroinn thú, agus thug mé bainne cíche duit ar feadh trí bliana; bheathaigh mé agus d'oil mé thú go dtí an aois atá agat anois agus rinne mé cúram díot.

28. Impím ort, a leanbh liom, féach ar neamh agus ar talamh; machnaigh ar a bhfuil iontu agus admhaigh nach ndearna Dia iad as aon ní a bhí ann cheana agus gur sa dóigh chéanna a thagann an cine daonna ar an saol.

29. Ná bíodh faitíos ort roimh an gcéastúnach seo, ach cruthaigh go bhfuil tú ar aon chéim le do dheartháireacha, agus cuir fáilte roimh an mbás ionas go bhfaighidh mé ar ais thú, lá na trócaire, i gcuideachta do dheartháireacha.”

30. Sula raibh deireadh ráite aici, dúirt an t‑ogfhear: “Cad leis a bhfuil sibh ag feitheamh? Ní ghéillfidh mé do reacht an rí; umhlaím don reacht atá sa dlí a tugadh dár sinsir trí Mhaois.

31. Maidir leatsa, a dhuine a bheartaigh gach cineál oilc in aghaidh na nGiúdach, is cinnte nach n‑éalóidh tú ó láimh Dé.

32. Óir táimidne ag fulaingt de bharr ár bpeacaí;

33. agus fág go bhfuil ár dTiarna beo i bhfearg linn ar feadh tamaill bhig, d'fhonn sinn a cheartú, agus a smachtú, beidh sé muinteartha arís lena shearbhóntaí féin.

34. Ach tusa, a ropaire smáil, a dhíogha an chine dhaonna ar choirpeacht, ná bíodh éirí in airde baoth ort, agus ná bíodh muinín gan bhonn mar chúis misnigh agat, nuair a ardaíonn tú do lámh in aghaidh chlann neimhe.

35. Níor tháinig tú slán fós ó bhreithiúnas Dé uilechumhachtaigh a fheiceann gach ní.

36. Tá ár ndeartháireacha anois [ag ól] as sruthán na beatha gan díosc de réir chonradh Dé agus a dtéarma gairid péine curtha díobh acu. Ach tusa, cuirfear pionós cóir ort ar son do dhíomais trí bhreithiúnas Dé.

37. Déanaimse ar aon dul le mo dheartháireacha mo chorp agus m'anam a thabhairt suas ar son dlíthe mo shinsear, á impí ar Dhia trócaire a thaispeáint dár náisiún go luath, agus a chur d'iallach ortsa, trí thubaistí agus trí phlánna a admháil gurb eisean amháin is Dia ann;

38. agus fearg an Uilechumhachtaigh atá ag luí le barr cirt ar ár náisiún go léir a chur chun suain tríomsa agus trí mo dheartháireacha.”

39. Tháinig racht feirge ar an rí agus thug sé cor níos cruálaí air seo ná ar an gcuid eile mar go raibh an drochmheas go léir a chaith sé leis á chrá.

40. Fuair sé bás mar sin gan smál, agus é lán de mhuinín as an Tiarna.

2 Macabaech 7