2 Macabaech 7:13-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Nuair a bhí seisean marbh chomh maith, thug siad an céasadh brúidiúil céanna ar an gceathrú deartháir.

14. Nuair a bhí an bás ag teannadh leis labhair sé mar leanas: “Is fearr de rogha an bás a fhulaingt ó lámha daoine ach le muinín as gealltanas Dé go dtabharfadh seisean aiséirí dúinn; ach níl aon aiséirí chun na beatha i ndán daoibhse.”

15. Ansin thug siad an cúigiú duine i láthair agus chrom ar é a chéasadh.

16. Ach d'fhéach seisean ar [an rí] agus dúirt: “Tá cumhacht agat ar dhaoine, agus, cé gur daonna thú, is féidir duit déanamh mar is áil leat. Ach ná bí á mheas gur thréig Dia ár gcine.

17. Lean ort agus feicfidh tú conas mar a chéasfaidh a chumhacht thréan thú féin agus do shíol.”

18. I ndiaidh an duine sin thug siad an séú duine i láthair. Nuair a bhí sé ar tí báis dúirt sé: “Ná cuir dallamullóg ort féin; tá na nithe seo á bhfulaingt againne de bharr ár bpeacaí in aghaidh ár nDé; is uafásach iad na nithe a tharla.

19. Ach ná bíse á mheas go rachaidh tú slán gan phionós de bhrí go ndearna tú iarracht ar chogadh a chur ar Dhia!”

20. Chruthaigh an mháthair ar fheabhas, agus tuilleann sí go mbeadh buanchuimhne uirthi, óir d'fhair sí bás a seachtar mac i gcaitheamh an aon lae amháin, agus d'fhulaing sí é sin go calma, mar gheall ar an dóchas a chuir sí sa Tiarna.

21. Leoga, is amhlaidh a mhisnigh sí gach duine acu i dteanga a sinsear. Bhí creideamh daingean uasal aici, agus bhí an chalmacht is dual don fhear mar thaca leis an stuaim is dual don bhean nuair a dúirt sí leo:

22. “Ní eol dom conas a tharla i mo bhroinn sibh; ní mise a chuir anam agus beatha ionaibh ná ní mise a chum gach ball de bhur gcorp.

23. Is é cruthaitheoir an domhain a leag amach conas a thiocfadh duine ar an saol; eisean a bheartaigh tús an uile ní; ina thrócaire tabharfaidh sé anam agus beatha ar ais daoibh, ó tharla gur beag libh sibh féin mar gheall ar a dhlíthe.”

24. Mheas Aintíochas go raibh sí ag fonóid faoi; bhí sé in amhras go raibh masla i dtuin a gutha. Ó tharla an deartháir ab óige a bheith beo fós, d'impigh sé air, ní amháin le briathra ach le gealltanais a mhionnaigh sé, á rá go ndéanfadh sé saibhir sona é dá dtréigfeadh sé nósanna a shinsear; dhéanfadh sé cara dó féin de agus bhronnfadh sé post poiblí air.

25. Níor thug an t‑ógfhear aird ar bith air, agus, dá bhrí sin, ghlaoigh an rí chuige ar a mháthair ansin agus d'iarr uirthi comhairle a thabhairt don ógánach é féin a fhuascailt.

26. Tar éis dó bheith á áiteamh uirthi ar feadh i bhfad, thoiligh sí comhairle a chur ar a mac.

27. Chrom sí anuas air agus bhuail sí bob ar an tíoránach dánartha leis na focail seo i dteanga a sinsear: “A mhic, bíodh trua agat dom; d'iompair mé naoi mí i mo bhroinn thú, agus thug mé bainne cíche duit ar feadh trí bliana; bheathaigh mé agus d'oil mé thú go dtí an aois atá agat anois agus rinne mé cúram díot.

2 Macabaech 7