4. Líon na gintlithe an Teampall le ragairne agus le drabhlás, agus iad ag suirí le meirdreacha, agus ag luí le mná sna háiteanna beannaithe, agus nithe nár chuí á mbreith isteach le híobairt acu.
5. Bhí an altóir ualaithe le hofrálacha íobarthach gráiniúil a bhí coiscthe ag na dlíthe.
6. Ní fhéadfadh duine an tsabóid a choimeád, féilte na sinsear a cheiliúradh, ná fiú a admhail gur Giúdach é.
7. Chuirtí d'iallach ar na [Giúdaigh] le láimh láidir dhian na hionathair íobartha a ithe an lá sa mhí ina gceiliúrtaí breith an rí;
8. nuair a tharlaíodh feile le Díonaíosas, chuirtí d'iallach orthu máirseáil i mórshiúl in onóir Dhíonaíosas agus fleasca eidhneáin á gcaitheamh acu. Tugadh fógra do na cathracha Gréagacha ina gcóngar, le treoir ó Ptoilimí, an cor céanna a thabhairt ar na Giúdaigh agus iallach a chur orthu a bheith páirteach sna híobairtí,
9. agus an mhuintir nach mbeadh sásta glacadh dá ndeoin le nósanna Heilléanacha a chur chun báis. Bhí an ainnise a tháinig sa mhullach orthu soiléir don saol.
10. Cuireadh i leith beirt bhan, abair, go ndearnadar a leanaí a thimpeallghearradh. Máirseáladh go poiblí tríd an gcathair iad agus a leanaí ag siolpadh a gcíoch, agus ansin caitheadh ceann ar aghaidh le ballaí na cathrach iad.
11. Bhí a thuilleadh acu a chuaigh i bhfolach i bpluaiseanna sa chomharsanacht leis an seachtú lá a choimeád naofa gan fhios, ach braitheadh iad le Pilib, agus loisceadh le chéile iad mar gur choisc a gcráifeacht orthu iad féin a chosaint, bhí an oiread sin urraime acu do naofacht an lae.
12. Impím anois ar lucht léite an leabhair seo, ná cuireadh tubaistí mar sín díomá orthu, ach a thuiscint nach é is aidhm dóibh ár muintir a scriosadh ach iad a smachtú.
13. Gan scaoileadh leis na héagráifigh ar feadh i bhfad, ach díoltas a imirt orthu gan mhoill, sin comhartha mórchneastachta.
14. Óir i gcás na náisiún eile, fanann an Tiarna go foighneach gan pionós a imirt orthu nó go líontar tomhas a bpeaca go béal; ach a mhalairt a bheartaigh sé a dhéanamh linne,
15. d'fhonn nach ndéanfadh sé díoltas a imirt orainn níos déanaí nuair a bheadh ár bpeacaí i mbuaic a réime.
16. Dá réir sin ní dhiúltaíonn sé a thrócaire riamh dúinn; ceartaíonn sé sinn le tubaistí, ach ní thréigeann sé a phobal féin.
17. Bíodh a bhfuil ráite mar chuimhneachán againn; ní foláir dúinn dul ar aghaidh leis an scéal go hachomair.