18. Bhí Eileázár, duine de phríomhúinteoirí an dlí, anonn go maith sna blianta agus dreach sáruasal air. Bhíothas á chur d'fhiacha air a bhéal a oscailt agus muiceoil a shlogadh.
19. Ach b'fhearr leis bás a fháil faoi onóir ná bheith beo faoi náire. Chuaigh sé chun a chéasta as a stuaim féin agus é ag caitheamh amach na feola as a bhéal,
20. mar is dual d'fhear an mhisnigh diúltú don rud nach dleathach a bhlaiseadh, fiú má chuireann sé a bheatha féin i mbaol.
21. An mhuintir a bhí i gceannas ar an bhfleá náireach, bhí seanaithne acu air. Thugadar i leataobh é agus mhol dó go príobháideach fios a chur ar fheoil dá chuid féin ba chead dó a ithe, agus a ligean air go raibh sé ag ithe feoil na híobartha mar a d'ordaigh an rí.
22. Bheadh ar a chumas an bás a sheachaint ach leas a bhaint as an gcineáltas sin a bhí bunaithe ar an seanchairdeas eatarthu.
23. Ach bhí an seasamh uasal a ghlac sé ar aon chéim lena aois mhór agus leis an ngradam a bhí tuillte go maith aige i ndeireadh a shaoil; bhí sé freisin de réir na beatha gan cháim a bhí caite aige óna óige anall, agus thar gach rud eile bhí sé de réir an dlí naofa a tháinig ó Dhia féin. Nocht sé a thuairimí go poiblí, á rá leo é a chur chun báis láithreach.
24. “Cur i gcéill den saghas sin,” ar seisean, “ní oireann sé don aois atá agamsa, le heagla go measfadh go leor daoine óga gur ghéill Eileázár in aois a nócha bliain do mhodh beatha na gcoimhthíoch;
25. agus, de bhrí go ndéanfainn an cur i gcéill seo ar mhaithe le seal beag bídeach ar an saol seo, go gcuirfí iad féin ar strae mar gheall ormsa; ní dhéanfainn ach smál agus náire a tharraingt orm féin i mo sheanaois.
26. Fiú dá seachnainn féin go sealadach pionós ó dhaoine, níorbh fhéidir liom, beo ná marbh, éalú ó láimh Dé uilechumhachtaigh.
27. Dá bhrí sin, má tá sé d'fhearúlacht ionam an bheatha seo a scaoileadh uaim anois díreach, taispeánfaidh mé gur fiú mo sheanaois mé,
28. agus fágfaidh mé sampla uasal ag an óige den bhealach inar ceart bás naofa a fhulaingt go cíocrach fáilteach ar son dhlíthe beannaithe na sean.”Nuair a bhí an méid sin ráite aige chuaigh sé caol díreach chun a chéasta.
29. An mhuintir a raibh dea-chroí acu dó ó chianaibh, thiontaigh siad ina aghaidh tar éis na cainte sin nach raibh inti, a mheas siad, ach deargbhuile.
30. Agus é ar tí bás a fháil faoi na buillí lig sé cnead os ard as agus dúirt: “Tá eolas naofa ag an Tiarna agus feiceann sé go soiléir, cé go bhféadfainn éalú ón mbas, cibé scéal é ag an gcéasadh dian ar mo chorp atáim a fhulaingt de bharr na greasála seo, go bhfuil lúcháir ar m'anam bheith ag fulaingt de bharr na hurraime atá agam dó.”
31. Sin mar a d'éag sé agus d'fhág sé a bhás mar shampla den uaisleacht agus mar theist ar an tsuáilce, ní amháin don óige ach do thromlach mór an naisiúin chomh maith.