5. Nuair a leath ráfla bréagach go raibh Aintíochas marbh, thug Iásón leis míle fear nó breis agus thug sé ionsaí faoin gcathair go tobann. Nuair a tiomáineadh siar na saighdiúirí ó na ballaí agus gur gabhadh an chathair, geall leis, theith Meanalás chun an Dúnfoirt ar lorg dídine.
6. Ach lean Iásón air ag déanamh áir agus eirligh ar a chomhshaoránaigh, gan a thuiscint gur barr mí-áidh é bua a bhreith ar do mhuintir féin, ach á cheapadh go raibh sé ag cur suas trofaethe bua ar naimhde in áit bua ar a mhuintir féin.
7. Níor tháinig sé i gcumhacht, áfach, agus ní raibh ar deireadh aige ach aithis de bharr a cheilge, agus theith sé arís go críocha na nAmónach.
8. Bhuail tubaiste é ar deireadh a chúrsa urchóide; cúisíodh os comhair Aratas, rialtóir na nArabach, é; theith sé ó chathair go cathair, agus cách ar a thóir; bhí an ghráin air mar cheannairceach in aghaidh na ndlíthe, agus an dearg-ghráin air mar fhear fionaíola ar a thír dhúchais agus ar a mhuintir féin; caitheadh i dtír san Éigipt é.
9. An té úd a thiomáin a lán chun deoraíochta óna dtír féin, fuair sé bás ar deoraíocht tar éis dó cur chun bealaigh chun na Lacadaemónach ag súil le dídean a fháil de bharr a ghaoil leo.