1. Rinne Aintíochas an dara ionradh ar an Éigipt timpeall an ama seo.
2. Ar feadh nach mór daichead lá tharla go raibh marcaigh in éidí óir le feiceáil ar cosa in airde tríd an spéir, díormaí lánarmtha le sleánna agus claimhte ar tarraingt,
3. buíonta marcach in eagar, ionsaithe agus frithionsaithe mar seo agus mar siúd, sciatha á dtógáil, sleánna ina gcipí, gathanna á scaoileadh, agus glioscarnach ó fhallaingí óir agus ó éidí de gach sórt.
4. Bhí gach duine ag guí, dá réir sin, gur rud éigin fónta a bheadh á thuar ag an taispeántas.
5. Nuair a leath ráfla bréagach go raibh Aintíochas marbh, thug Iásón leis míle fear nó breis agus thug sé ionsaí faoin gcathair go tobann. Nuair a tiomáineadh siar na saighdiúirí ó na ballaí agus gur gabhadh an chathair, geall leis, theith Meanalás chun an Dúnfoirt ar lorg dídine.
6. Ach lean Iásón air ag déanamh áir agus eirligh ar a chomhshaoránaigh, gan a thuiscint gur barr mí-áidh é bua a bhreith ar do mhuintir féin, ach á cheapadh go raibh sé ag cur suas trofaethe bua ar naimhde in áit bua ar a mhuintir féin.
7. Níor tháinig sé i gcumhacht, áfach, agus ní raibh ar deireadh aige ach aithis de bharr a cheilge, agus theith sé arís go críocha na nAmónach.