2 Macabaech 3:6-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. agus thug mar scéala dó go raibh an ciste in Iarúsailéim ag cur thar maoil le hairgead, go raibh an oiread sin síntiús á dtabhairt nach raibh áireamh ar an iomlán, agus nár bhain sé le cuntas na n‑íobairtí ach gurbh fhéidir é a theacht faoi smacht an rí.

7. Bhuail Apollóinias leis an rí agus d'inis sé dó faoin airgead a raibh cloiste aige faoi. Thogh an rí Héiliodóras, a sheansailéir, agus sheol é le treoracha leis an airgead a luamar a bhreith chun siúil.

8. Chuir Héiliodóras chun bealaigh gan mhoill le fiosrú a dhéanamh, mar dhea, ar chathracha Choíle Síre agus Féinícia, ach dáiríre d'fhonn cuspóir an rí a chur i gcrích.

9. Tar éis dó Iarúsailéim a bhaint amach agus fáilte fhial a fháil ón ardsagart [agus ón] gcathair, d'inis sé cén scéala a fuarthas agus nocht dá réir sin cad a thug ann é agus d'fhiafraigh an mar sin a bhí dáiríre.

10. Mhínigh an t‑ardsagart go raibh ciste áirithe curtha i leataobh do bhaintreacha agus do dhílleachtaí,

2 Macabaech 3