13. Cuireadh na nithe céanna ar phár sna hannála agus i gcuimhní cinn Nihimiá, agus gur bhunaigh sé leabharlann, agus go ndearna sé bailiúchán de na leabhair faoi na ríthe agus na fáithe, de scríbhinní Dháiví agus de litreacha na ríthe faoi ofrálacha móideacha.
14. Rinne Iúdás ar an gcuma chéanna bailiúchán de na leabhair a bhí scaipthe de bharr an chogaidh dhéanaigh a tháinig orainn, agus tá siad anois inár seilbh.
15. Má tá aon chuid díobh de dhíth oraibh, cuirigí daoine chugainn le cóipeanna díobh a fháil daoibh.
16. Táimid ag scríobh chugaibh dá bhrí sin agus sinn ar tí féile an íonghlanta a chomóradh; déanaigí, le bhur dtoil, na laethanta sin a chomóradh.
17. Is é Dia a d'fhuascail a phobal go léir agus a thug ar ais do chách an oidhreacht agus an flaitheas, agus an tsagartacht, agus an naofacht,
18. faoi mar a gheall sé tríd an dlí. Óir tá sé de mhuinín againn i nDia go ndéanfaidh sé trócaire orainn gan mhoill, agus go gcruinneoidh sé sinn ó gach áit faoin spéir isteach san áit naofa, mar d'fhuascail sé sinn as ainnisí móra agus d'íonghlan sé an Teampall.
19. Scéal Iúdáis Mhacabaeigh agus a dheartháireacha, íonghlanadh an Teampaill mhóir, coisreacan na haltóra,
20. na cogaí in aghaidh Aintíochas Eipifeanaes agus a mhic Eopatór,
21. na taispeántais a tugadh ó neamh le misneach a thabhairt don mhuintir a bhí ag troid go cróga ar son an Ghiúdachais i dtreo, dá laghad é a líon, gur ghabh siad an tír ar fad agus gur chuir siad an teitheadh ar shluaite na ngintlithe,
22. gur ghnóthaigh siad ar ais an Teampall atá faoi chlú ar fud an domhain, gur shaor siad an chathair, gur athnuaigh siad na dlíthe a bhí ar tí a gcur ar ceal, agus an Tiarna go fabhrach dóibh le barr cneastachta -