2 Macabaech 15:7-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Ach níor bhog an Macabaech ach é lán de mhuinín agus de dhóchas go dtiocfadh cabhair chuige ón Tiarna.

8. Thug sé misneach dá chuid fear gan eagla a bheith orthu roimh ionsaithe na ngintlithe, ach cuimhneamh ar an gcabhair a tháinig chucu ó neamh san am a bhí thart, agus a bheith ag súil an uair sin leis an mbua a thabharfadh an tUilechumhachtach dóibh.

9. Thug sé ardú meanman dóibh le cabhair an dlí agus na bhfáithe, chuir sé i gcuimhne dóibh na cathanna a bhuaigh siad, agus d'adhain díograis bhreise ina gcroí.

10. Nuair a bhí a misneach múscailte aige, thug sé a chuid orduithe, agus feall na ngintlithe agus a mídhílseacht dá mionna á gcur ar a súile dóibh.

11. Ní hí an tsábháilteacht a ghabhann le sciatha agus sleánna a thug sé mar arm do gach duine díobh, ach an misneach a ghineann briathra uaisle. Agus mhúscail sé meanma gach duine le brionglóid - nó faoi mar a bheadh fís - ar a raibh craiceann na fírinne, a aithris.

12. Ba é radharc a chonaic sé: Oinias, ardsagart a bhí, fear uasal cóir, fear mánla iompar agus cneasta meon; fear soilbhir dea-labhartha a raibh oiliúint air óna óige i ngach suáilce - bhí Oinias ansiúd ag guí ar son an chine Ghiúdaigh go léir agus a lámha ar leathadh aige.

13. Ansin thaibhsigh fear eile, ábhar suntais lena cheann liath agus a iompar uasal; bhí dínit agus údarás iontach ag roinnt leis.

2 Macabaech 15