21. Nuair a chonaic an Macabaech a raibh de shluaite ar a aghaidh amach, an soláthar mór taibhseach arm, agus fíochmhaire na [n‑eilifintí], shín sé a lámha chun neimhe agus ghlaoigh ar Thiarna na bhFeart; bhí a fhios aige nach le neart arm, ach mar is toil leis, a bhronnann sé bua catha ar an muintir a thuilleann é.
22. Mar seo a ghabh an urnaí a rinne sé chuige: “A Thiarna, sheol tú d'aingeal le linn Hiziciá, rí Iúdá, agus mharaigh seisean céad ochtó a cúig míle nó breis i gcampa Shanaichéiríb.
23. A rí na bhflaitheas, seol anois, arís eile, aingeal maith le scéin agus scanradh a scaipeadh romhainn.
24. Go dtreascraítear ar lár le neart do ghéige an mhuintir seo a tháinig chun do phobal naofa a ionsaí agus diamhasla ina mbéal acu.” Dhún a urnaí leis na focail sin.
25. Ghluais Niocánór agus a chuid fear ar aghaidh agus stoic á séideadh agus laoithe á gcanadh;
26. agus chuaigh Iúdás agus a chuid fear i ngleic leo ag urnaí agus ag guí chun Dé.
27. Ag troid lena lámha dóibh agus ag guí chun Dé lena gcroí, threascair siad breis agus tríocha a cúig mhíle duine, agus chuir Dia lúcháir mhór orthu leis an taispeántas sin.
28. Nuair a bhí an cath thart agus iad ag filleadh faoi áthas, d'aithin siad Niocánór ar lár marbh ina lánéide chatha.
29. Ansin bhí geoin agus glisiam agus mhol siad an Tiarna ina dteanga dhúchais.
30. An té a chaith é féin go hiomlán, idir anam agus chorp, ag cosaint a mhuintire féin, agus a choinnigh slán an cion a bhí aige óna óige ar a chine féin, d'ordaigh sé dóibh ceann Niocánór a theascadh de, mar aon lena láimh agus lena ghualainn, agus iad a bhreith go Iarúsailéim.
31. Nuair a shroich sé an áit sin, ghlaoigh sé le chéile ar a mhuintir, chuir na sagairt ina seasamh os comhair na haltóra, agus chuir fios ar lucht an Dúnfoirt.