15. Thug sé “bua Dé” mar fhocal faire dá chuid fear, agus thug sé ionsaí san oíche ar bhoth an rí le fórsa tofa de na curaidh óga ba chalma; mharaigh sé suas le dhá mhíle fear sa champa, agus ghoin sé an eilifint ba cheannasaí agus a marcach.
16. Faoi dheireadh bhí an campa ina chíor thuathail le scéin agus clampar agus chúlaigh sé faoi bhua.
17. Tharla sin le breacadh an lae cheana féin mar bhí cabhair Dé á chumhdach.
18. Bhí blaiseadh faighte ag an rí anois de chrógacht na nGiúdach, agus dá bhrí sin bheartaigh sé a láithreacha a ionsaí go straitéiseach.
19. Ghluais sé in aghaidh Bhéit Zúr, dún daingean leis na Giúdaigh; tiomáineadh ar gcúl é; d'ionsaigh sé arís, ach buadh air.
20. Sheol Iúdás a raibh de dhíth orthu isteach go dtí an garastún.
21. Ach Rodocas, duine ó arm na nGiúdach, thug sé faisnéis rúnda do na naimhde; chuathas sa tóir air, gabhadh é agus cuireadh i gcarcair é.
22. Phléigh an rí coinníollacha síochána den dara huair le muintir Bhéit Zúr; rinne sé gill síochána a thairiscint agus a ghlacadh; chúlaigh sé, d'ionsaigh Iúdás agus a chuid fear ach briseadh air.
23. Fuair sé scéala ansin go ndearna Pilib, an té a fágadh i bhfeighil an rialtais in Aintíoch, ceannairc; baineadh creathadh as; ghlaoigh sé chuige ar na Giúdaigh, ghéill dá n‑éilimh, mhionnaigh a gcearta go léir a aithint, rinne síocháin leo, d'ofráil íobairt, thug urraim don sanctóir agus tabhartais fhiala don áit naofa.
24. Ghlac sé chuige an Macabaech, d'fhág Héagamonaidéas mar ghobharnóir ó Ptolamais go dúiche na nGearárach,
25. agus d'imigh leis go Ptolamais. Bhí muintir Ptolamais míshásta faoin gconradh; bhí an oiread sin feirge orthu gur theastaigh uathu a théarmaí a chealú.