1. Rinne an Macabaech agus a lucht leanúna, faoi threoir an Tiarna, an Teampall agus an chathair a athnuachan;
2. scartáil siad ó bhonn na haltóirí a thóg na heachtrannaigh in áit an mhargaidh agus scrios siad na tearmainn bheannaithe.
3. Ghlan siad an sanctóir agus thóg altóir nua; ansin bhain siad tine as breochlocha, agus, le cabhair na tine sin, d'ofráil siad an chéad íobairt le dhá bhliain, dhóigh túis, las na lóchrainn agus leag amach builíní na láithreachta.
4. Nuair a bhí sin déanta chaith siad iad féin ar a mbéala ar an talamh agus d'impigh siad ar an Tiarna nach dtitfidís go deo arís i dtubaistí dá leithéid, ach dá ndéanfaidís peaca choíche go ndéanfaí iad a cheartú go measartha, gan iad a thabhairt suas do chiní diamhaslacha barbartha.
5. Tharla gur ar an lá ceannann céanna a scriosadh an Teampall ag na heachtrannaigh agus a rinneadh íonghlanadh an Teampaill, an cúigiú lá fichead den mhí chéanna, Cisléu is é sin.
6. Cheiliúir siad é ar feadh ocht lá, faoi lúcháir dála féile na dTaibearnacal, agus iad ag cuimhneamh ar conas mar a bhíodar go gairid roimhe sin le linn fhéile na dTaibearnacal, ar seachrán sna sléibhte agus sna pluaiseanna mar ainmhithe fiáine.
7. D'iompair siad géaga gleoite, craobhacha agus pailmeacha, agus thoirbhir iomainn bhuíochais don té a chuir íonglanadh a áite féin i gcrích le séan.
8. Chinneadar freisin le reacht poiblí agus vótáil go ndéanfadh an cine Giúdach go léir na laethanta sin a cheiliúradh gach bliain.
9. Sin é más ea an chríoch a d'imigh ar Aintíochas, ar a dtugtaí Eipifeanaes.
10. Inseoimid anois cad a tharla faoi Aintíochas Eopatór, mac an fhir éagráifigh úd, agus déanfaimid drochiarsmaí na gcogaí a ríomhadh go hachomair.
11. Nuair a tháinig seisean i gcoróin cheap sé Lisias áirithe i bhfeighil cúrsaí mar phríomhghobharnóir ar an gCoíle Síre agus ar Fhéinícia.
12. Ba é Ptoilimí Macrón, mar a thugtaí air, an chéad ghobharnóir a thug ceart do na Giúdaigh agus rinne sé a dhícheall iad a rialú go síochánta agus cúiteamh a dhéanamh ar son a ndearnadh d'éagóir orthu roimhe sin.
13. Dá bharrsan rinne cairde an rí é a chúisiú i láthair Eopatór; ina theanntasan bhí an t‑ainm brathadóir le clos aige á thabhairt air féin ar gach taobh mar gur thréig sé an Chipir a chuir Fileomaetór faoina chúram, agus gur ghabh sé le hAintíochas Eipifeanaes. Nuair a chuaigh de an urraim ba dhual dá phost a bhaint amach, thóg sé nimh agus chuir deireadh lena shaol.
14. Nuair a rinneadh gobharnóir ar an dúiche sin de Ghoirgias, d'fhostaigh sé fórsa amhas agus d'fhear cogadh gan staonadh ar na Giúdaigh.
15. Ina theanntasan bhí na hIdiúmaeigh ag ciapadh na nGiúdach agus daingin thábhachtacha faoina smacht acu; chuiridís fáilte roimh dhíbearthaigh ó Iarúsailéim agus iad ag iarraidh an cogadh a chothú i gcónaí.
16. Rinne an Macabaech agus a chuid fear achainí phoiblí chun Dé ag impí air troid ar a son, agus ansin rinne siad ruathar faoi dhaingin na nIdiúmaech.