2 Macabaech 1:7-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. I réimeas Dhéimitrias, sa bhliain céad agus a seasca naoi, scríobharmarna, na Giúdaigh, chugaibh sa ghéarchéim agus sa chúngracht a rug orainn tar éis do Iásón agus dá bhuíon an tír bheannaithe agus an ríocht a thréigean,

8. agus an geata a dhó agus fuil neamhchiontach a dhoirteadh. Ghuíomar an Tiarna agus éisteadh linn, agus d'ofrálamar íobairt agus abhlann, agus lasamar na lóchrainn, agus leagamar amach na builíní.

9. Anois, más ea, féachaigí chuige go gcoimeádfaidh sibh féile na dTaibearnacal i mí Chisléu, sa bhliain céad ochtó a hocht.

10. Beatha agus sláinte ó mhuintir Iarúsailéim agus Iúdáia, ón seanad agus ó Iúdás go hAiristeabúlas, oide Ptoilimí rí, fear de shliocht na sagart ungtha, agus do na Giúdaigh san Éigipt.

11. De bhrí gur shaor Dia sinn ó dhainséir mhóra, is mór é ár mbuíochas dó ar son ár bpáirt a ghlacadh in aghaidh an rí,

12. óir eisean a dhíbir iad siúd a chuir cath ar an gcathair bheannaithe.

13. Óir nuair a shroich a gceannaire an Pheirs le harm a dhealraigh a bheith dochloíte, gearradh óna chéile iad i dteampall Nanaeá trí ghliceas a d'imir na sagairt a bhí ag freastal ar Nanaeá.

2 Macabaech 1