1. Nuair a leath clú Sholaimh amach fad le banríon Sheabá tháinig sí ag triall air go Iarúsailéim chun é a phromhadh le ceisteanna crua. Thug sí ollsaibhreas léi, camaill faoi ualach spíosraí, na múrtha óir agus líoga lómhara. Ar theacht go Solamh di, labhair sí leis go neamhbhalbh,
2. agus bhí freagra ag Solamh ar gach ceist dár chuir sí; ní raibh ceann ar bith acu róchasta le míniú ag Solamh.
3. Nuair a chonaic banríon Sheabá chomh críonna ar fad agus a bhí Solamh, an pálás a bhí tógtha aige,
4. bia an bhoird agus an chóir a bhí ar a oifigigh, eagrú a lucht freastail, agus an feisteas a bhí orthu, lucht iompartha na gcorn aige agus na híobairtí dóite a d'ofráladh sé i dTeampall an Tiarna baineadh stangadh aisti,
5. agus dúirt sí leis an rí: “Ba í an fhírinne, mar sin, a chuala mé i mo thír féin fút agus faoi do chríonnacht!
6. Go dtí gur tháinig mé agus go bhfaca mé le mo shúile cinn é, níorbh fhéidir liom an tuairisc a chreidiúint; ach is léir nár insíodh dom faoi leath do chríonnacht éachtach dáiríre; sáraíonn tú an tuairisc a chuala mé.
7. Nach méanar do do mhná céile!
8. Nach méanar do na seirbhísigh seo agat a bhíonn ag síorfhreastal ort agus a chluineann do chríonnacht.