2 Croinicí 8:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ag deireadh an fiche bliain a thóg sé ar Sholamh Teampall an Tiarna agus a theach féin a thógáil,

2. d'atóg sé na cathracha a thug Húrám dó, agus lonnaigh sé Iosraelaigh iontu.

3. Ansin chuaigh Solamh go Hamát Zóbá agus ghabh é.

4. D'atóg sé Tadmor san fhásach agus na cathracha stóir go léir a bhí tógtha aige i Hamát.

5. D'atóg sé Béit Horon Uachtarach agus Béit Horon Íochtarach, cathracha daingne le ballaí, geataí, agus sparraí,

6. agus Bálat, agus na cathracha stóir go léir a bhí ag Solamh, na cathracha dá charbaid agus dá eachra, agus gach ní arbh áil le Solamh a thógáil i Iarúsailéim, sa Liobáin agus sna tíortha go léir a bhí faoina cheannas.

7. Gach ar mhair de na Hitigh, na hAmóraigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh, nárbh Iosraelaigh iad;

8. a sliocht a fágadh sa tír ina ndiaidh, an mhuintir nár chuir na hIosraelaigh faoin mbang, - chuir Solamh iadsan go léir faoi chuing dhaoirse sclábhaíochta agus is mar sin atá acu go dtí inniu féin.

2 Croinicí 8