2 Croinicí 7:16-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Anois agus feasta tá an teach seo tofa agus coisricthe agam le go mbeadh m'ainm ann go brách; beidh mo shúile agus mo chroí ann go brách na breithe.

17. Agus maidir leat féin, má shiúlann tú i mo láthair mar a rinne Dáiví d'athair, má dhéanann tú gach ar ordaigh mé duit, agus má chomhlíonann tú mo dhlíthe agus mo reachtanna,

18. daingneoidh mé do ríchathaoir, de réir an chonartha a rinne mé le Dáiví d'athair á rá: ‘Ní bheidh tú choíche gan fear le suí i ríchathaoir Iosrael.’

19. Ach má iompaíonn sibh uaim, agus nach gcoimeádfaidh sibh m'aitheanta agus mo reachtanna a chuir mé romhaibh, ach imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe eile agus iad a adhradh,

20. ansin déanfaidh mé [Iosrael] a stoitheadh as an talamh a thug mé dóibh, agus caithfidh mé uaim as mo radharc an Teampall seo a choisric mé do m'ainm, agus déanfaidh mé seanfhocal agus nath de i measc na gciníocha go léir.

21. Agus maidir leis an Teampall seo atá chomh maorga sin anois, cuirfidh sé alltacht ar gach duine a ghabhfaidh thar bráid agus déarfaidh siad: ‘Cén fáth ar thug an Tiarna an cor seo don tír agus don Teampall seo?’

22. Agus sé freagra a gheobhaidh siad: ‘Mar gur thréig siad an Tiarna, Dia a sinsear, a thug amach iad as tír na hÉigipte, agus gur ghlac siad chucu déithe eile agus gur thug siad ómós agus seirbhís dóibh; sin é an fáth ar thug an Tiarna an drochíde sin go léir orthu.’ ”

2 Croinicí 7