10. Ar an tríú lá fichead den seachtú mí chuir sé an pobal uaidh abhaile, agus iad faoi lúcháir agus áthas croí de bharr an chineáltais go léir a thaispeáin an Tiarna do Dháiví, do Sholamh agus d'Iosrael a phobal.
11. Bhí deireadh déanta ag Solamh ansin ag tógáil Theampall an Tiarna agus an pháláis, agus bhí críoch curtha aige ar gach ar mhian leis ina chroí a dhéanamh i dteach an Tiarna agus ina theach féin.
12. Ansin thaispeáin an Tiarna é féin do Sholamh san oíche agus dúirt sé leis: “D'éist mé le d'urnaí. Thogh mé an áit seo dom féin mar theach íobartha.
13. Nuair a dhúnfaidh mé na spéartha i dtreo nach dtiocfaidh báisteach, nó nuair a ordóidh mé don lócaist an tír a scriosadh, nó nuair a scaoilfidh mé plá faoin bpobal,
14. má dhéanann an pobal ar a nglaoitear m'ainm iad féin a umhlú agus guí chugam agus mo ghnúis a lorg, agus casadh óna gcosáin choiriúla, tabharfaidh mé cluas dóibh ó neamh, agus maithfidh mé a bpeaca agus cneasóidh mé a dtír.
15. Beidh mo shúile ar oscailt agus mo chluasa ar tinneall don urnaí a dhéantar san áit seo anois agus feasta.
16. Anois agus feasta tá an teach seo tofa agus coisricthe agam le go mbeadh m'ainm ann go brách; beidh mo shúile agus mo chroí ann go brách na breithe.
17. Agus maidir leat féin, má shiúlann tú i mo láthair mar a rinne Dáiví d'athair, má dhéanann tú gach ar ordaigh mé duit, agus má chomhlíonann tú mo dhlíthe agus mo reachtanna,