2 Croinicí 7:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a bhí a urnaí ráite ag Solamh, tháinig tine anuas ó na flaithis agus dhóigh an íobairt uileloiscthe agus na hofrálacha, agus líon glóir an Tiarna an Teampall.

2. Níor fhéad na sagairt dul isteach i dteach an Tiarna óir líon glóir an Tiarna teach an Tiarna.

3. Nuair a chonaic clann Iosrael go léir an tine ag teacht anuas agus glóir an Tiarna ina luí ar an Teampall, chrom siad síos chun an urláir ar a mbéala agus ar a bhfiacla ar an bpábháil; thug siad adhradh agus moladh don Tiarna: “Óir is maith é, agus maireann a bhuanghrá de shíor.”

4. Ansin d'ofráil an rí agus an pobal go léir íobairt i láthair an Tiarna.

5. D'ofráil Solamh rí dhá mhíle fichead damh, céad agus a fiche míle caora, agus rinne an rí agus an pobal Teampall an Tiarna a thíolacadh ar an gcuma sin.

6. Sheas na sagairt ina n‑ionaid féin, agus mhol na Léivítigh an Tiarna ar na huirlisí a rinne Dáiví le comhsheinm le cainticí an Tiarna: “Óir maireann a bhuanghrá de shíor.” Ghabh siad na hiomainn mholta a chum Dáiví. Taobh leo bhí na sagairt ag séideadh an stoic, agus Iosrael go léir ina seasamh.

7. Rinne Solamh rí lár na cúirte os comhair Theampall an Tiarna a choisreacan; d'ofráil sé ansiúd an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach, mar go raibh an altóir chré-umha a rinne Solamh róbheag chun an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus na spólaí méithe a iompar.

2 Croinicí 7