1. Nuair a bhí a urnaí ráite ag Solamh, tháinig tine anuas ó na flaithis agus dhóigh an íobairt uileloiscthe agus na hofrálacha, agus líon glóir an Tiarna an Teampall.
2. Níor fhéad na sagairt dul isteach i dteach an Tiarna óir líon glóir an Tiarna teach an Tiarna.
3. Nuair a chonaic clann Iosrael go léir an tine ag teacht anuas agus glóir an Tiarna ina luí ar an Teampall, chrom siad síos chun an urláir ar a mbéala agus ar a bhfiacla ar an bpábháil; thug siad adhradh agus moladh don Tiarna: “Óir is maith é, agus maireann a bhuanghrá de shíor.”
4. Ansin d'ofráil an rí agus an pobal go léir íobairt i láthair an Tiarna.
5. D'ofráil Solamh rí dhá mhíle fichead damh, céad agus a fiche míle caora, agus rinne an rí agus an pobal Teampall an Tiarna a thíolacadh ar an gcuma sin.
6. Sheas na sagairt ina n‑ionaid féin, agus mhol na Léivítigh an Tiarna ar na huirlisí a rinne Dáiví le comhsheinm le cainticí an Tiarna: “Óir maireann a bhuanghrá de shíor.” Ghabh siad na hiomainn mholta a chum Dáiví. Taobh leo bhí na sagairt ag séideadh an stoic, agus Iosrael go léir ina seasamh.
7. Rinne Solamh rí lár na cúirte os comhair Theampall an Tiarna a choisreacan; d'ofráil sé ansiúd an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach, mar go raibh an altóir chré-umha a rinne Solamh róbheag chun an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus na spólaí méithe a iompar.
8. Rinne Solamh ansin an fhéile a cheiliúradh ar feadh seacht lá, in éineacht le hIosrael go léir, ó bhealach Hamát go gleann na hÉigipte, ina chomhthionól mór.
9. Ar an ochtú lá bhí comhthionól sollúnta acu, óir cheiliúir siad coisreacan na haltóra seacht lá agus an fhéile seacht lá.
10. Ar an tríú lá fichead den seachtú mí chuir sé an pobal uaidh abhaile, agus iad faoi lúcháir agus áthas croí de bharr an chineáltais go léir a thaispeáin an Tiarna do Dháiví, do Sholamh agus d'Iosrael a phobal.
11. Bhí deireadh déanta ag Solamh ansin ag tógáil Theampall an Tiarna agus an pháláis, agus bhí críoch curtha aige ar gach ar mhian leis ina chroí a dhéanamh i dteach an Tiarna agus ina theach féin.
12. Ansin thaispeáin an Tiarna é féin do Sholamh san oíche agus dúirt sé leis: “D'éist mé le d'urnaí. Thogh mé an áit seo dom féin mar theach íobartha.