15. Bhí na cantairí, clann Ásáf, ina n‑áit, de réir rialacha Dháiví; níor ghá d'Ásáf, do Héamán, do Iadútún, físí an rí, ná do lucht faire na ngeataí a ndualgais a fhágáil, mar rinne a ngaolta, na Léivítigh, gach ní a chóiriú dóibh.
16. Eagraíodh seirbhís liotúirgeach an Tiarna an lá sin leis an gCáisc a cheiliúradh agus le híobairtí dóite a ofráil ar altóir an Tiarna, de réir ordú an rí Ióisíá.
17. Cheiliúir clann Iosrael a bhí i láthair an uair sin an Cháisc agus féile an aráin gan ghabháile ar feadh seacht lá.
18. Níor ceiliúradh Cáisc mar í in Iosrael ó laethanta Shamúéil an fáidh; níor cheiliúir aon rí de chuid Iosrael riamh Cáisc mar í siúd a cheiliúir Ióisíá leis na sagairt agus na Léivítigh agus lena raibh i láthair de Iúdá agus d'Iosrael go léir agus le háitritheoirí Iarúsailéim.
19. Rinneadh an Cháisc sin a cheiliúradh san ochtú bliain déag de réimeas Ióisíá.
20. Nuair a bhí gach ní a bhain le cóiriú an Teampaill curtha i gcrích ag Ióisíá, ghabh Neaco rí na hÉigipte suas chun troid ag Cairceimis ar bhruach an Eofrataes. Nuair a ghluais Ióisíá amach le bac a chur air,
21. chuir seisean teachtairí chuige á rá: “Cén t‑aighneas atá eadrainne, a rí Iúdá? Ní chun tusa a ionsaí a tháinig mé inniu; le ríshliocht eile atáim i gcogadh, agus d'ordaigh Dia dom brostú. Ná bí ag cur isteach a thuilleadh ar an Dia atá i mo theanntasa, nó déanfaidh sé thú a scriosadh.”
22. Ach [lean] Ióisíá air ag tabhairt a dhúshláin faoi; bhí sé meáite ar chath a chur air agus ní éisteodh sé le briathra Neaco ó bheal Dé féin.
23. Chuir sé cath air i Má Mhigideo. D'aimsigh na saigheadóirí Ióisíá rí, agus dúirt an rí lena lucht leanúna: “Beirigí libh mé! Táim tromghonta.”
24. Thóg a lucht leanúna amach as a charbad féin é agus chuir i gceann eile é agus thug ar ais go Iarúsailéim é, mar a bhfuair sé bás, agus adhlacadh é i dtuamaí a shinsear. Chaoin Iúdá agus Iarúsailéim go léir Ióisíá.
25. Chum Irimia caoineadh do Ióisíá, caoineadh a dhéanann cantairí fear agus ban a reacadh fós inniu nuair a chaoineann siad Ióisíá; nós in Iosrael é sin anois; tá na caointe scríofa sna hOlagóin.
26. An chuid eile de stair Ióisíá, a dhea-oibreacha de réir gach a bhfuil scríofa i ndlí an Tiarna,
27. a imeachtaí ó thús deireadh, tá siad scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá.