2 Croinicí 34:13-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. a thuilleadh a bhí i gceannas an lucht iompair; a thuilleadh a thug treoracha do shaoistí oibreacha na mbeartas ar leith; agus roinnt Léivíteach a bhí mar scríobhaithe, mar chléirigh, agus mar lucht faire ar na geataí.

14. Nuair a bhí an t‑airgead a tugadh go Teampall an Tiarna á thógáil amach acu, fuair Hilcíá an t‑ardsagart leabhar dhlí an Tiarna a tugadh trí Mhaois.

15. Ansin dúirt Hilcíá le Seáfán an rúnaí: “Fuair mé leabhar an dlí i dTeampall an Tiarna,” agus thug Hilcíá an leabhar do Sheáfán.

16. Thug Seáfán an leabhar go dtí an rí agus seo mar d'aithris sé dó: “Tá na beartais go léir a leag tú ar do shearbhóntaí á gcur i gcrích acu.

17. Rinne siad an t‑airgead go léir a bhí i dTeampall an Tiarna a leá agus a thabhairt suas do na maoir agus do shaoistí na n‑oibreacha.”

18. Ansin dúirt Seáfán an rúnaí leis an rí: “Thug Hilcíá an sagart leabhar dom,” agus léigh Seáfán sliocht as i láthair an rí.

19. Nuair a chuala an rí briathra an dlí, stróic sé a chuid éadaigh,

20. agus ansin thug sé an t‑ordú seo leanas do Hilcíá, d'Aichíceám mac Sheáfán, d'Abdón mac Mhíocá, do Sheáfán an rúnaí, agus d'Asáiá, searbhónta an rí:

21. “Gabhaigí i gcomhairle leis an Tiarna thar mo cheann féin, agus thar cheann a bhfuil fágtha in Iosrael agus in Iúdá, i dtaobh a bhfuil sa leabhar seo a fuarthas anois beag. Óir is mór atá fearg an Tiarna fadaithe inár n‑aghaidh de bhrí nár chomhlíon ár sinsir briathar an Tiarna agus gach a bhfuil scríofa sa leabhar seo a chleachtadh.”

22. Chuaigh Hilcíá agus teachtairí an rí go dtí Huldá an banfháidh, bean Shealum mac Thócat mac Hasrá, coimeádaí na n‑éidí (bhí cónaí uirthi in Iarúsailéim sa bhaile nua), agus cuir siad an scéal faoina bráid.

23. D'fhreagair sí: “Deir an Tiarna, Dia Iosrael, mar leanas: ‘Abraigí é seo leis an té a chuir chugam sibh:

24. Seo mar a deir an Tiarna: Tá tubaiste á tabhairt agam ar an áit seo agus ar an muintir a chónaíonn ann, na mallachtaí go léir, is é sin, atá scríofa sa leabhar a léadh i láthair rí Iúdá;

25. mar thréig siad mise agus rinne siad íobairt do dhéithe eile, do mo ghriogadh chun feirge i ngach beart dá ndearna siad. Uime sin tá m'fhearg le lasadh in aghaidh na háite seo, agus ní dhéanfar í a mhuchadh.

26. Agus abraigí le rí Iúdá a chuir sibh le dul i gcomhairle leis an Tiarna: Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: [Comhlíonfar] na focail a chuala tú.

2 Croinicí 34