2 Croinicí 32:27-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Bhí saibhreas agus clú go raidhsiúil ag Hiziciá. Thóg sé cistí dó féin i gcomhair a chuid airgid agus óir agus cloch lómhar, agus spíosraí, agus sciath, agus seod de gach sórt.

28. Bhí tithe stóir aige dá fhómhar arbhair, fíona agus ola; cróite dá eallach de gach cineál, agus banracha dá chaoirigh.

29. Sholáthraigh sé [asail] agus tréada agus táinte dó féin chomh maith. Thug Dia maoin dó go raidhsiúil.

30. Ba é an Hiziciá céanna seo a dhún béal uachtair thobar Ghíohón agus a threoraigh an t‑uisce síos laistiar de chathair Dháiví. Bhí rith an ráis le Hiziciá.

31. Fiú amháin i gcás na dteachtairí ó thaoisigh na Bablóine a tháinig chun ceist a chur faoin rud iontach a tharla sa tír, níor thréig Dia é ach lena phromhadh agus le rúin a chroí a fháil amach.

32. An chuid eile de stair Hiziciá, agus a dhea-bhearta, tá siad scríofa i bhfís an fháidh Íseáia mac Ámóz, i Leabhar Ríthe Iúdá agus Iosrael.

33. Ansin chuaigh Hiziciá chun suain lena shinsir agus chuireadar é ar an ard ar an tslí suas go tuamaí mhic Dháiví. Thug Iúdá go léir agus áitritheoirí Iarúsailéim onóir dó ina thórramh. Agus tháinig Manaise a mhac i gcomharbacht air.

2 Croinicí 32