25. Ach ní dhearna Hiziciá aon chúiteamh ar son a ndearnadh dó; d'at a chroí le huabhar agus tháinig fraoch na feirge sa mhullach air féin, ar Iúdá, agus ar Iarúsailéim.
26. Rinne Hiziciá é féin a umhlú i dtaobh uabhar a chroí, agus rinne áitritheoirí Iarúsailéim mar an gcéanna, i dtreo nár tháinig fearg an Tiarna sa mhullach orthu le linn Hiziciá.
27. Bhí saibhreas agus clú go raidhsiúil ag Hiziciá. Thóg sé cistí dó féin i gcomhair a chuid airgid agus óir agus cloch lómhar, agus spíosraí, agus sciath, agus seod de gach sórt.
28. Bhí tithe stóir aige dá fhómhar arbhair, fíona agus ola; cróite dá eallach de gach cineál, agus banracha dá chaoirigh.
29. Sholáthraigh sé [asail] agus tréada agus táinte dó féin chomh maith. Thug Dia maoin dó go raidhsiúil.
30. Ba é an Hiziciá céanna seo a dhún béal uachtair thobar Ghíohón agus a threoraigh an t‑uisce síos laistiar de chathair Dháiví. Bhí rith an ráis le Hiziciá.
31. Fiú amháin i gcás na dteachtairí ó thaoisigh na Bablóine a tháinig chun ceist a chur faoin rud iontach a tharla sa tír, níor thréig Dia é ach lena phromhadh agus le rúin a chroí a fháil amach.
32. An chuid eile de stair Hiziciá, agus a dhea-bhearta, tá siad scríofa i bhfís an fháidh Íseáia mac Ámóz, i Leabhar Ríthe Iúdá agus Iosrael.