6. Agus muintir Iosrael agus Iúdá a chónaigh i gcathracha Iúdá, thug siad isteach deachú den eallach agus de na caoirigh, agus de na nithe naofa a bhí tíolactha don Tiarna a nDia, agus rinneadar iad a leagan ina gcairn ansiúd.
7. Sa tríú mí chrom siad ar na cairn a charnadh, agus bhí deireadh déanta acu sa seachtú mí.
8. Nuair a tháinig Hiziciá agus a fheidhmeannaigh an treo agus go bhfaca siad na cairn, mhol siad an Tiarna agus a phobal, Iosrael.
9. Agus cheistigh Hiziciá na sagairt agus na Léivítigh faoi na cairn.
10. D'fhreagair Azairiá, an t‑ardsagart de theaghlach Zádóc, é agus dúirt: “Ó thosaíodar ag tabhairt na mbronntanas go Teampall an Tiarna, tá ár sáith á ithe againn agus tá fuílleach fós fágtha; óir chuir an Tiarna a bheannacht ar a phobal; tá an cnocán mór seo fágtha.”