13. Ceapadh Ichíéil, Azaiziá, Nachat, Asáhael, Irímeot, Iózábád, Eilíéil, Ísmiciá, Machat, agus Banáiá, mar mhaoir faoi cheannas Chónainiá agus a dhearthár Simeí, trí ordú ón rí Hiziciá agus Azairiá, reachtaire theach Dé.
14. Cuireadh Córae mac Imneá an Léivíteach, garda an gheata thoir, i bhfeighil na n‑íobairtí deonacha do Dhia, le roinn ar leith an Tiarna agus na hofrálacha sárnaofa a chur i leataobh.
15. Bhí Éidin, Miniáimin, Iéisiúa, Seamaiá, Amairiá agus Seacaniá ag cabhrú leis go dílis i gcathracha na sagart, lena gcuid a roinnt ar a mbráithre de réir a n‑ord, cé acu tabhachtach nó a mhalairt.
16. Ina theannta sin eagraíodh de réir fine, na fir go léir [deich mbliana fichead] nó os a chionn, a théadh go Teampall an Tiarna ar uanaíocht lae, leis na dualgais liotúirgeacha a bhain lena n‑ord a chur i ngíomh.
17. Eagraíodh na sagairt freisin de réir finí; agus na Léivítigh fiche bliain agus os a chionn de réir a ndualgas agus a n‑ord.