Chuir Hiziciá scéala go Iosrael agus go Iúdá go léir, agus scríobh sé litreacha go Eafráim agus Manaise, á iarraidh orthu teacht go Teampall an Tiarna in Iarúsailéim le Cáisc a cheiliúradh in onóir an Tiarna, Dia Iosrael.