2 Croinicí 28:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bhí Áchaz fiche bliain d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim. Ní dhearna sé an ceart i bhfianaise an Tiarna a Dhia, dála Dháiví a athair,

2. ach lean sé sampla ríthe Iosrael, agus rinne sé fiú íomhánna miotail a theilgean do na Bálaím.

3. D'ofráil sé túis i nGleann Mhac Hiniom agus thug ar a mhic féin fiú gabháil trí thine de réir mar a chleachtaí go náireach ag na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.

4. D'ofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid, ar na cnoic agus faoi gach crann craobhach.

5. Uime sin thug an Tiarna a Dhia suas é do chumhacht rí na nArámach; bhris seisean air, agus ghabh sé líon mór dá phobal ina mbránna agus rug leis go dtí an Damaisc iad. Tugadh ar láimh do rí Iosrael é freisin agus rinne seisean ár agus eirleach ar a shluaite.

6. Mharaigh Peacach mac Ramailiá céad agus a fiche míle fear, curaidh chalma iad uile, san aon lá amháin in Iúdá; toisc gur thréig siad an Tiarna, Dia a sinsear, a tharla sin dóibh.

7. Zicrí, gaiscíoch ó Eafráim, mharaigh sé Másaeiá, mac an rí, agus Aizríceám, reachtaire an pháláis, agus Ealcáná, tánaiste an rí.

8. Ghabh na hIosraelaigh dhá chéad míle dá ngaolta, mná agus mic agus iníonacha; ghabh siad a lán creiche uathu chomh maith agus thug siad an chreach leo chun na Samáire.

9. Bhí fáidh leis an Tiarna ann darbh ainm Obaed agus ghabh sé amach i gcoinne an airm ar a slí ar ais go dtí an tSamáir agus dúirt: “Bhí an Tiarna, Dia bhur sinsear, i bhfearg le Iúdá agus thug sé ar láimh daoibh iad dá bhrí sin, ach rinne sibhse ár orthu, lena leithéid de fhíoch gur shroich sé chun na bhflaitheas.

10. Agus anois tá sé mar sprioc agaibh cuing na daoirseachta a chur ar mhuintir Iúdá agus Iarúsailéim, idir fhir agus mhná. Nach bhfuil peacaí do bhur gcuid féin oraibh in aghaidh an Tiarna bhur nDia?

11. Éistigí liom anois: scaoiligí saor na bránna a ghabh sibh ó bhur ngaolta mar tá fraoch feirge an Tiarna sa mhullach oraibh.”

12. Taoisigh áirithe d'Eafráim, Azairiá mac Iahóchánán, Beiriciá mac Mhisiléamót, Ichizcíá mac Shealum, agus Amásá mac Hadlái, sheas siad an fód in aghaidh na muintire a bhí ag filleadh ón bhfeachtas

13. agus dúirt siad leo: “Ní thabharfaidh sibh na bránna anseo isteach nó beimid ciontach i bhfianaise an Tiarna. Tá sé i gceist agaibh cur lenár bpeacaí agus lenár gciontacht; ach is trom í ár gciontacht cheana agus tá fraoch feirge an Tiarna ag bagairt ar Iosrael.”

2 Croinicí 28