2 Croinicí 26:12-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Dhá mhíle sé chéad líon iomlán chinn finí na gcuradh calma seo.

13. Faoina gceannas-san bhí arm oilte de thrí chéad agus a seacht míle cúig céad, fórsa tréan cogaidh agus taca láidir don rí in aghaidh a naimhde.

14. Rinne Uiziá sciatha, sleánna, cafairr, lúireacha, boghanna, agus clocha láimhe a sholáthar don arm ar fad.

15. Thóg sé innill in Iarúsailéim, innill a cheap saineolaithe, agus chuir ar na túir agus ar na cúinní iad le saigheada agus clocha móra a dhiúracadh. Leath a cháil i bhfad i gcéin; bhí an neart sin go léir ann mar gur gheall le míorúilt a bhfuair sé de chabhair.

16. Ach de réir mar a tháinig neart ann, bhorr an t‑uabhar ina chroí, rud a mhill é. D'fheall sé ar an Tiarna, a Dhia. Chuaigh sé isteach i halla Theampall an Tiarna le túis a dhó ar altóir na túise.

17. Ach chuaigh Azairiá an sagart isteach ina dhiaidh, le ceithre fichid de shagairt an Tiarna, fir chalma;

18. chuireadar in aghaidh Uiziá rí agus dúradar leis: “Ní hé do ghnósa, a Uiziá, túis a dhó don Tiarna, ach gnó na sagart, clann Árón, daoine atá coisricthe ina chomhairsean. Fág an sanctóir! Rinne tú feall; an ghlóir a thagann ón Tiarna, Dia, ní leat a thuilleadh í.”

19. Tháinig fraoch feirge ar Uiziá, agus an túisteán ina láimh le túis a dhó. Ach fad a bhí an cuthach feirge sin air leis na sagairt bhris lobhra amach ar a éadan i láthair na sagart, i dTeampall an Tiarna ansiúd le hais altóir na túise.

20. D'fhéach Azairiá, an t‑ardsagart, agus na sagairt go léir ina threo agus chonaic siad an lobhra ar a éadan; thiomáineadar amach go tapa é, agus bhí deifir amach air féin, mar gur bhuail an Tiarna é.

2 Croinicí 26